Bogearraí cosanta a bhíonn ag eagraíochtaí a mbíonn a gcórais ríomhairí nasctha leis an Idirlíon. Cuireann an balla tine bac ar éinne ón taobh amuigh den eagraíocht cur isteach ar an gcóras nó é a mhilleadh. Bealach amháin a úsáidtear chuige seo is ea teachtaireachtaí amhrasacha a scagadh amach is a chaitheamh i leataobh. Bealach eile is ea cóip den chóras a oscailt don chuairteoir, agus ansin má dhéanann sé aon rud mailíseach, is féidir é sin a aithint go luath roimh aon dochar don fhíorchóras.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoi bhogearra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.