Banseanchas

cnuasach dánta ón Mheánaois
(Athsheolta ó Bansenchas)

Is dán fada é An Bansheanchas (Meán-Ghaeilge: An Banshenchas) a scríobhadh sna meánaoiseanna, mar a bhailítear cuntais ghearra faoi mhná iomráiteacha ó stair agus ó sheanscéalta na nGael le chéile in aon insint amháin.[1]

Murab ionann is cuid mhór de luathlitríocht na Gaeilge, is féidir an Bansheanchas a lua le húdar agus dáta ar leith. Deir an réamhrá gur chum Gilla Mo-Dutu Úa Caiside an saothar i 1147 i nDaimhinis ar Loch Éirne íochtarach. Is ó Ard Breacáin i gContae na Mí a tháinig sé féin aneas.[2]

Ábhair cuir in eagar

 
Éadaoin, Héilin, Meadhbh, Fann, Deirdre

Ag tús an dáin, tugann an file féin le fios a bhfuil mar sprioc aige:

Tabharfaidh mé cuntas ar na mná a shíolraigh ó Ádhamh agus ó Éabha álainn, go bhfreastalóidh mé go ceart agus go réidh ar a bpór san am atá le teacht.
Déanfaidh mé cur síos ar chuid de na mná⁠—sin bhéarsa a chuirfear síos i meadaracht na mbard⁠—ag tabhairt cuntas ar a gclann is ar a bhfir chéile i mo bhéarsaí stuama le grástúlacht stíle.

— (Athchóirithe ag Muireann Ní Bhrolcháin[3])

Samhlaítear bunús stairiúil a bheith ag an mBansheanchas, agus tosaíonn sé le hÉabha agus mná eile an tSean-Tiomna, leanann le mná finscéalach i Miotaseolaíocht na nGael amhail Éadaoin agus Eimhear, agus críochnaíonn le pearsana sách stairiúla, ina measc roinnt mná d'uaisle na nGall-Ghaeil.

Is gearr iad na tagairtí do gach pearsa, cúpla líne ar a mhéad. Seo sampla maidir le roinnt luathphearsana bíobalta:

Meán-Ghaeilge[4] Nua-Ghaeilge[5]

Adam. Seth. Sili caid[6] Cain.
cétchethror fer silta slúaig.
Eua Olla Pib is Pithib
sin bithin búain.
ro chlandsat claind sírfind sochraig
ria ndilind dochraig iar n-úair.
Eua oenben Adaim adbail.
Olla setig Séith cen locht.
Píb ainm do mnai Cain chintaig
sin rasin nir imgaib olc.
Pithib ben Sili na solud
gili na cobur a corp.

Ádhamh, Séat, Sili cáidh[7]agus Cáin
ceathrar síolta slua.
Eve, Olla, Pib agus Pithib
sin sa bhith buan
a rug clann shíorfhionn, sochrach
roimh An Díle, dochrach iar n-uair.
Éabha aonbhean Adám ábhal.
Olla céile Séat gan locht.
Pib ainm do bhean Cháin chiontaigh.
Níor éalaigh sí olc.
Pithib bean Sili an tsola.[8]
Níos gile ná cúr a corp.

Agus sampla eile maidir le roinnt ban finscéalacha na hÉireann:

Meán-Ghaeilge[9] Nua-Ghaeilge[5]

Ben Echach Aireman Étain.
Ésa a ingen olc a hord.
ainm uathi for uachtur inaid.
cairdes tria chinaid ra chorb.
Mess Buachalla ingen Ésa.
tria thindrem bésa bad borb.
Mathair Conairi Móir moltair.
Mes Buachalla maith in mind
ua da hathair siur da mathair
úa d'Étaín fathaig ind find.

Bean Eochada Airemhan Éadaoin
Easa a hiníon, olc a hord.[10]
Ainm uaithi air uachtar- ionad,
caidreamh a cionta[11] re chorbadh.[12]
Meas Buachalla iníon Easa.
Trína tinreamh bhíodh maraí borb.
...

Tá eolas ar fáil faoi cuid de na mná seo a bhuí le foinsí eile, amhail is an Leabhar Gheineasas, Tochmharc Éadaoine, agus foinsí eile gan iomrá. Tá roinnt phearsana ann sa Bhanseanchas nach bhfuil fágtha díbh againn ach a n-ainmneacha, a thugann le fios go raibh scéalta ann atá caillte anois le fada, ach a bhí ar eolas ag an gCaisideach agus lucht a linne.

 
Daimhinis, Contae Fhear Manach. Is anseo a scríobhadh an Bansheanchas.

Struchtúr cuir in eagar

Is léir gurb é cur chuige an Chaisidigh ná liosta na nArdríthe a úsáid mar chreatlach an dáin, ag díriú ar a mná chéile siúd agus ar a n-iníonacha. Tugann Ní Bhrolcháin léiriú ar leagan amach an téacs tríd is tríd, leath críostaí agus leath réamhchríostaí, agus ar na daoine a luaitear ann. Tuairimíonn sí go mb'fhéidir gur in onóir do Dhearbhorghaill iníon Mhurchaidh Uí Mhaoil Sheachlainn, Ríon Bhréifne a cumadh é agus go raibh an dán eile de chuid Ghilla Mo-Duta, Éri ógh-inis na Naem, ina leathcheann dó.[13]

Lámhscríbhinní cuir in eagar

Tá an Banseanchas filíochta le fáil sa Leabhar Laighneach (leagan gearr atá truaillithe go mór[14]), Leabhar Uí Mhaine (leagan iomlán a bhfuil an-chosúil leis an gcéad cheann eile[15]), Leabhar Ádhaimh Uí Chíanáin, Leabhar Mór Leacáin (leagan a bhfuil 60 bhéarsa sa bhreis ann nach mbaineann le bunchumadóireacht Ghilla Mo-Dutu[16]) agus lámhscríbhinní eile (cf. Dobbs).

Dála dánta an Dinnseanchais, tá leagan próis den Bhanseanchas ann freisin, a scríobhadh go luath tar éis don Chaisideach an leagan filíochta a chumadh (c. 1147–1169 is cosúil). Tá an leagan sin níos fairsinge, agus níos mó eolais ann, go háirithe i dtaobh daoine ó chasadh na mílaoise i leith; tá os cionn leathmhíle iontráil ann. Tá sé ar fáil i Leabhar Mór Leacáin (an leagan is fairsinge), i Ls. 2542 in Bibliotheque Royale na Bruiséile (atá cosúil leis), i Leabhar Bhaile an Mhóta, i Leabhar Uí Mhaine (leagan fada ach éagsúil ó na cinn thuas), Ls. Kilbride vii sa Leabharlann Náisiúnta i nDún Éideann, agus Ls. H 3 17 i gColáiste na Tríonóide.[17]

Féach Freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Is gaoil iad na focail seanchas agus seanchaí.
  2. Ní Bhrolcháin (1982), "An Bansheanchas", lch 5
  3. Ní Bhrolcháin (1982), "An Bansheanchas", lch 6-7
  4. Banseanchas, sa Leabhar Laighneach, ll. 533-534, ar CELT
  5. 5.0 5.1 Á aistriú sách focal ar fhocal, go liteartha agus go litriúil, ón Mheán-Ghaeilge ag Marcas
  6. 1 cáid ar eDIL
  7. cáidh ar teanglann.ie FGB
  8. sola, mana maith, ar teanglann.ie
  9. Banseanchas, sa Leabhar Laighneach, lch. 539, ar CELT
  10. ord2
  11. cion3
  12. corbadh
  13. Ní Bhrolcháin (1982), "An Bansheanchas", lch 7
  14. Ní Bhrolcháin (1982), "An Bansheanchas", lch 7
  15. Ní Bhrolcháin (1982), "An Bansheanchas", lch 7
  16. Ní Bhrolcháin (1982), "An Bansheanchas", lch 7
  17. Ní Bhrolcháin (1982), "An Bansheanchas", lch 8-9