Breitheamh agus Ard-Aighne i dTuaisceart Éireann ab ea Rt Honourable Sir John William Basil Kelly PC, PC (NI), QC, nó an Ró-Onórach An Ridire Breasal Ó Ceallaigh (10 Bealtaine 19205 Nollaig 2008).[1]

Infotaula de personaBasil Kelly
Beathaisnéis
Breith10 Bealtaine 1920
Bás5 Nollaig 2008
88 bliana d'aois
Berkshire, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, polaiteoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Bhí an Ceallach; i gcroílár an chórais dlí i dTuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí. Is fearr aithne air mar an mbreitheamh i gceann de na príomhchásanna ollbhrathadóra os comhair cúirt Diplock (gan ghiúiré) i mBéal Feirste.[2][3]

Royal Courts of Justice, Béal Feirste

Beatha cuir in eagar

I gContae Mhuineacháin a rugadh an Ceallach; dódh a theaghlach amach as a dteach agus d'aistrigh siad go Béal Feirste cúig bliana ina dhiaidh sin.

Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ab ea é. Glaodh chun Bharra Thuaisceart Éireann air sa bhliain 1944 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1958.

B'fhéidir go n-aithneoidh mic léinn dlí a ainm ós rud é gur phléadáil sé ar son an achomharcóra sa dá chás, Attorney-General for Northern Ireland v Gallagher (1961) agus Bratty v Attorney-General for Northern Ireland (1961).[3]

Bhí ina bhall de Theach Teachtaí Thuaisceart Éireann (do Lár an Dúin) ó 1964 go dtí gur díscoireadh é sa bhliain 1972; toghadh gan freasúra é i ndiaidh dó bheith tofa i bhfothoghchán ar dtús.[3]

Bhí an Ceallach ar an eite fhorásach de Pháirtí Aontachtach Uladh agus ba thacadóir dílis de chuid Tarlaich Uí Néill é. Bhí sé ina Ard-Aighne ar Thuaisceart Éireann ó 1969 go 1972. Ceapadh ina bhreitheamh den Ard-Chúirt an bhliain dár gcionn agus den Chúirt Achomhairc sa bhliain 1984; bhí sé sa dara post go dtí gur éirigh sé as mar bhreitheamh sa bhliain 1995.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Basil Kelly" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-05-11.
  2. "Diplock court" (as en) (2021-01-31). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Basil Kelly" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2022-05-11.