Brian Hutton, Barún Hutton
Príomh Bhreitheamh Thuaisceart Éireann agus Sasana ba ea Brian Hutton, Barún Hutton, PC (29 Meitheamh 1932 – 14 Iúil 2020). Bhí Hutton ina bhreitheamh Diplock[1] agus ina Thiarna Príomh-Bhreitheamh ar Thuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí.
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Brian Hutton, Baron Hutton |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 29 Meitheamh 1931 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 14 Iúil 2020 89 bliana d'aois |
Tiarnaí Achomhairc i bPríomhfhíor | |
6 Eanáir 1997 – 11 Eanáir 2004 ← Harry Woolf, Barún Woolf – Robert Carswell → | |
Ball de Theach na dTiarnaí | |
6 Eanáir 1997 – 14 Iúil 2020 | |
Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann | |
1988 – 1997 ← Robert Lowry, Baron Lowry (en) – Robert Carswell → | |
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe | |
1988 – | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Balliol Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Shrewsbury School (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | breitheamh, polaiteoir, dlíodóir |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Mary Gillian Murland (1975–2000), bás a c(h)éile Lindy Nickols (2001, 2001–2020), bás |
Páiste | Louise Hutton ( Mary Gillian Murland) Helen Hutton ( Mary Gillian Murland) |
Athair | James Hutton agus Mabel Dowling |
Gradam a fuarthas |
Coiméadach cruthanta ba ea é.[2][3] Tháinig Robert Carswell i gcomharbas air sa bhliain 1997
Saol cuir in eagar
Céimí de chuid Choláiste Balliol, Ollscoil Oxford (1953) ba ea é, Glaodh Hutton chun Bharra Thuaisceart Éireann sa bhliain 1954 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1970.[4]
Bhí An Ridire Brian Hutton (an teideal a bhí aige ag an am) ina bhreitheamh den Ard-Chúirt ó 1979 go 1988 and ina Thiarna Príomh-Bhreitheamh ar Thuaisceart Éireann ó 1988 go 1997.
Bhain sé amach an chéim deiridh dá shaol oibre mar bhreitheamh agus é ina Thiarna Dlí idir 2004 agus 2009, leis an teideal 'Barún Hutton, as Bresagh'[5] (Baile na bPreasach) i gContae an Dúin.[4]
Conspóidí cuir in eagar
I measc daoine seachas lucht an dlí, is dócha gur fearr aithne air i Sasana mar gheall ar an bhfiosrúchán a rinne sé maidir le bás An Dochtúra Dhaithí Uí Cheallaigh, agus conspóid fhíochmhar ar siúl i dtaobh polasaí rialtas na Breataine maidir le airm ollscriosta (mar a bhí á mhaíomh) san Iaráic.[4]
Is dócha gur fearr aithne ar Hutton in Éirinn mar gheall ar Fhiosrúchán Widgery (1972) agus an t-ionsaí poiblí a rinne sé ar Major Hubert O'Neil sa bhliain 1973, an cróinéir[6] (dúirt Widgery go raibh na saighdiúirí neamhchiontachach tharraing an tuarascáil go leor conspóide ar feadh na mblianta).
Sa bhliain 1999, d'eisigh na Tiarnaí Dlí i Sasana barántas eiseachadta don deachtóir Augusto Pinochet. Ach níos déanaí, fuair Hutton agus a chomhghleacaithe i dTeach na dTiarnaí locht sa chinneadh sin.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Diplock court" (as en) (2021-01-31). Wikipedia.
- ↑ "Brian Hutton , 'fearlessly independent' former Lord Chief Justice dies aged 88" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2021-06-29.
- ↑ Dúirt Danny Morrisson, 'Although in the Belfast high court Hutton occasionally acquitted republicans and dismissed the appeals of soldiers, nationalists generally considered him a hanging judge and the guardian angel of soldiers and police officers.' Cf. Allison Morris (2020-07-16). "Death of former law lord Hutton, who topped IRA's most wanted list" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-06-30.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Tiarna Hutton". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Bresagh" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-06-29.
- ↑ The Age (Melbourne), leathanach 10 (23 Lúnas 1973). "'Sheer murder, coroner accuses troops'" (en). Newspapers.com. Dáta rochtana: 2021-06-30.