Airm ar féidir scrios leathan fisiciúil a dhéanamh agus líon ollmhór daoine a mharú leo. Cuimsíonn siad airm núicléacha, bhitheolaíocha, cheimiceacha is raideolaíocha.

  • Sna hairm núicléacha, tá buamaí adamhacha is hidrigine.
  • Sna hairm bhitheolaíocha, tá úsáid na ngalar cosúil le hantracs, an tocsain ispínis, an rícín, an plá is an bholgach.
  • Sna hairm cheimiceacha, tá an gás mustaird, saraín, VX, sómaín agus tábún, srl.
  • Cuimsíonn an hairm raideolaíocha buamaí salacha ina bhfuil ábhair radaighníomhacha. Tháinig siad chun aire an phobail i 2002-2003 leis an líomhain bhréagach go raibh a leithéid ag an Iaráic, mar chúis le cogadh a dhéanamh ar an tír sin.[1]
Léarscáil an domhain le siombail ghuaise
Foireann "Airm ollscriosta" sna sléibhte Sierra

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Airm ollscriosta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.