Robert Carswell, Barún Carswell
Tiarna Príomh-Bhreitheamh ar Thuaisceart Éireann ba ea an Ró-Onórach Robert Carswell PC KC (a rugadh ar 28 Meitheamh 1934 agus a d'éag 4 Bealtaine 2023.[1] Bhí Carswell i gcroílár an chórais dlí i dTuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí, agus tharraing sé conspóid go leor le linn a ghairmréim bhreithiúnach.
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Robert Carswell, Baron Carswell |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 28 Meitheamh 1934 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 4 Bealtaine 2023 88 bliana d'aois |
Ball de Theach na dTiarnaí | |
12 Eanáir 2004 – 29 Deireadh Fómhair 2019 | |
Tiarnaí Achomhairc i bPríomhfhíor | |
2004 – 2009 | |
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe | |
1993 – | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Pembroke, Oxford Scoil Dlí Ollscoil Chicago Foras Ollscolach Bhéal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | polaiteoir, breitheamh |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Romayne, An Bhantiarna Carswell (1961–) |
Páiste | Catherine Carswell, Patricia Carswell |
Athair | Alan Edward Carswell agus Nance Eileen Corlett |
Gradam a fuarthas
|
Saol
cuir in eagarD'fhreastail Carswell ar an Royal Belfast Academical Institution, Béal Feirste.
Céimí de chuid Ollscoil Oxford (BA MA 1956) agus Ollscoil Chicago (JD 1958), glaodh Carwell chun Bharra Thuaisceart Éireann air sa bhliain 1957 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1971.[2]
Tuaisceart Éireann
cuir in eagarCeapadh Carswell mar Ard-Aighne ar Thuaisceart Éireann sa bhliain 1969
Bhí Carswell ina Abhcóide Sinsearach na Corónach i dTuaisceart Éireann ó 1979 go 1984. Rinneadh breitheamh den Ard-Chúirt de ina dhiaidh sin.
Bhí Carswell ina bhall de Chúirt Achomhairc Thuaisceart Éireann ó 1993 go 1997 agus ina Thiarna Príomh-Bhreitheamh ar Thuaisceart Éireann ó 1997 go 2004. Tháinig sé i gcomharbas ar Brian Hutton, Barún Hutton sa bhliain 1997
Sasana
cuir in eagarBhain sé amach an chéim deiridh dá shaol oibre mar bhreitheamh agus é i dTiarna na nGnáthachomharc idir 2004 agus 2009, leis an teideal Barún Carswell, as an gCillín i gContae Aontroma.
Muintir
cuir in eagarPhós Carswell Romayne Winifred Ferris sa bhliain 1961 agus bhí beirt chlainne acu.
Ainmníodh Lady Carswell mar Lord-lieutenant de Belfast / Ard-Leifteanant ar Bhéal Feirste ar an 26 Bealtaine 2000, post a bhí aici go dtí 2009.[3]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Portráid le Richard Stone (1984).. "Sir Robert Carswell | Town & Gown | Biography | Richard Stone - Royal portrait painter" (en). Richard Stone. Dáta rochtana: 2021-06-28.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Lord Carswell". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Lord Lieutenant of Belfast" (as en) (2021-03-21). Wikipedia.