Benoît de Sainte-Maure

file Francach

File de bhunadh na Normainne nó de Thouraine a rugadh thart ar an mbliain 1165 ab ea Benoît de Sainte-Maure. Cé ná fuil puinn eolais againn faoina shaol, is cosúil gurbh as Sainte-Maure-de-Touraine, feod de chuid na bPlantaigíneach, é.

Infotaula de personaBenoît de Sainte-Maure
Beathaisnéis
Breith12 haois
Sainte-Maure-de-Touraine Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 haois
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht mheánaoiseach agus medieval Latin literature (en) Aistrigh
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaLaidin na meánaoise, Sean-Fhraincis agus an Laidin
Saothar
Saothar suntasach

Tá a fhios againn gur scríobh Benoît de Sainte-Maure dhá shaothar ar a laghad: Roman de Troie (Gaeilge: 'Rómáns na Traí'), dán fé stair na Traí bunaithe ar scéalta Dhares Phrygius agus Dhictys Cretensis a bhfuil 30,000 véarsaí ann a scríobh sé timpeall 1160 agus 1170, agus cuntas fé stair dhiúic na Normainne ar a dtugtar Chronique des ducs de Normandie (Gaeilge: 'Croinic Dhiúic na Normainne') nó Histoire des ducs de Normandie (Gaeilge: 'Stair Dhiúic na Normainne') a bhfuil 44,544 véarsaí ann.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an rómáns a scríobh Benoît de Sainte-Maure fén dTraí, de bharr an ratha a bhí air i measc léitheoirí na Meánaoise - tá dhá cóip is caoga den Roman de Troie againn sa lá atá inniubh ann, gan trácht a dhéanamh ar an gcúig leagan próis a deineadh de idir dara leith na 13ú haoise agus tús na 14ú haoise, agus do cuireadh Spáinnis air insan 14ú haois - agus de bharr an spreagtha a thug sé d'fhilí a tháinig i ndiaidh Bhenoît de Sainte-Maure, Giovanni Boccaccio agus Geoffrey Chaucer mar shampla.