Beo ar Éigean

podcraoladh Éireannach

Podchraoladh agus seó raidió as Gaeilge de chuid Raidió Teilifís Éireann (RTÉ) is ea Beo ar Éigean.[1][2] Is iad Sinéad Ní Uallacháin, Áine Ní Bhreisleáin agus Siún Ní Dhuinn láithreoirí an chláir.[3][4]

Infotaula de publicacions periòdiquesBeo ar Éigean
Cineálpodchraoladh
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh14 Lúnasa 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánrafilm and television podcast (en) Aistrigh, society and culture podcast (en) Aistrigh agus podchraoladh
Formáid dáiltepodchraoladh closáin

Suíomhrte.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
RSS 
Instagram: beopodchraoladh Cuir in eagar ar Wikidata

Craoltar Beo ar Éigean ar RTÉ Raidió 1 é gach deireadh seachtaine. Déanann na láithreoirí plé ar na nithe a chuireann isteach orthu agus an tslí go dtéann siad i ngleic leo. Bíonn neart spraoi agus craic acu ar an bpodchraoladh agus is minic go mbíonn aíonna speisialta ar an gclár.[5][6]

Láithreoirí cuir in eagar

Siún Ní Dhuinn cuir in eagar

Scríbhneoir agus léiritheoir as Dún Dealgan í Ní Dhuinn .[7][8] Is léiritheoir digiteach Gaeilge do RTÉ í.[8]

Áine Ní Bhreisleáin cuir in eagar

Is láithreoir teilifíse agus raidió as Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall í Ní Bhreisleáin.[9] Cuireann sí Bladhaire i láthair ar Raidió na Gaeltachta ("RnaG") Déardaoin agus Dé hAoine.[10][11]

Sinéad Ní Uallacháin cuir in eagar

Is Iriseoir, aisteoir, ealaíontóir agus láithreoir raidió í Ní Uallacháin as Baile an Aonaigh, Co. Chiarraí. Bhí seó seachtaine Sinéad ar Maidinaici ar RnaG go dtí Bealtaine 2019.[12]

Tagairtí cuir in eagar