Billy Connolly

Fuirseoir Albanach

Is aisteoir, fuirseoir agus ceoltóir é William "Billy" Connolly, a rugadh ar 24 Samhain 1942 in Anderston, Glaschú, in Albain. Tá aithne air chomh maith mar The Big Yin (an Fear Mór): tá Connolly sé throigh (nó 1.83 méadar) ar airde.

Infotaula de personaBilly Connolly

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) William Connolly Cuir in eagar ar Wikidata
24 Samhain 1942
82 bliana d'aois
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtAlbanach
ReiligiúnAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síSt. Gerard's RC Secondary (en) Aistrigh
St Peter's Boys School, Stewartville St, Glasgow (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheWindsor
Florida
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir stáitse, amhránaí, cumadóir, giotáraí, scríbhneoir scripte, fuirseoir ar a boinn, aisteoir scannáin, fuirseoir, bainseóí, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1965 –
TeangachaBéarla
UirlisBainseó, armónach agus giotár
Lipéad ceoilPolydor Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileIris Pressagh (1969–1985), colscaradh
Pamela Stephenson (1989–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinbillyconnolly.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0175262 Allocine: 6350 Rottentomatoes: celebrity/billy_connolly Allmovie: p85695 TMDB.org: 9188
X: Billy_Connolly Spotify: 7ubX7CBZbkPM3O1m2WBBd8 Musicbrainz: 7ffdf6af-0b1a-4ace-a067-970f0a611d93 Songkick: 150814 Discogs: 327746 Allmusic: mn0000086810 Goodreads author: 212635 Cuir in eagar ar Wikidata

Thosaigh sé ag obair sna seascaidí mar tháthaire (déantóir coirí i gceart), ach d'éirigh sé as agus thosaigh sé ag seinm ceoil tíre. Ba bhall é den bhanna Humblebumbs le Gerry Rafferty, agus sa bhliain 1974 fuair sé conradh ceoil le Polydor.

Sna seachtóidí chuaigh sé le fuirseoireacht, ceird a chleachtann sé fós. Ina theannta seo, déanann sé roinnt aisteoireachta, agus tá sé le feiceáil sna scannáin Open Season, Lemony Snicket's A Series of Unfortunate Events, Pocahontas, The Last Samurai agus Man Who Sued God.

Sa bhliain 1997 bhuaigh Connolly Gradam BAFTA, rud a rinne sé arís sna blianta 1998 agus 1999. Sa bhliain 1997 bhuaigh sé duais eile i gcomhair an scannáin Mrs. Brown.

Bhí sé pósta tráth le hIris Pressagh, agus tá sé pósta anois leis an síceolaí agus iar-aisteoir Pamela Stephenson. Tá cúigear páistí aige (triúr le Stephenson agus beirt le Pressagh). Is iad na trádmharcanna atá aige ná a fhéasóg agus a bhainseó. Maíonn Connolly gurb seisean an t-aon aisteoir amháin a fuair bás i scannán de chuid na Muppets.

I Mí na Nollag sa bhliain 2003 bronnadh CBE air.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar