Bean Meiriceánach Dúchasach ab ea Pocahontas (a rugadh mar Matoaka agus a thugtaí Amonate uirthi freisin; t. 1596 – 1617) a chuimhnítear mar gheall ar an gcaidreamh idir ise agus Jamestown, an lonnaíocht Shasanach in Virginia a bunaíodh sa bhliain 1607.[1][2][3] Iníon le Powhatan í, ardtaoiseach[1] ar ghréasán de náisiúin chíosacha sa Tsenacommacah, ceantar na n-uiscí taoide in Virginia. I scéal traidisiúnta cáiliúil a deirtear faoi Pocahontas agus John Smith, tharrtháil sí é sa bhliain 1607 agus a hathair ar tí Smith a mharú lena lorga cogaidh. Smith féin a dúirt an scéal, ach ceapann roinnt staraithe nach scéal fíor é.[4]

Pocahontas
Pocahontas gravure.jpg
Saol
Eolas breitheWerowocomoco (en) Aistrighc. 1596
NáisiúntachtTsenacommacah (en) Aistrigh
Ríocht Shasana
Grúpa eitneachPowhatan (en) Aistrigh
BásGravesend, Márta 1617
Áit adhlacthaSt George's Church, Gravesend (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (luach anaithnid)
Muintir
AthairChief Powhatan
MáthairNonoma Winanuske Matatiske
Céile/CéilíKocoum (en) Aistrigh  (1610 -
John Rolfe (en) Aistrigh  (1614 -  1617)
Páistí
Gairm
Gairmscríbhneoir
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas

Ghabh na Sasanaigh Pocahontas le linn coimhlint idir iadsan agus hIndiaidh sa bhliain 1613, agus chuir ar fuascailt í. Agus í braighdeanas, chuaigh sí leis an gCríostaíocht agus ghlac sí an t-ainm Rebecca. Nuair a cuireadh saor í dul ar ais chuig a pobal féin, chinn sí ar fanacht leis na Sasanaigh. I mí Aibeáin na bliana 1614, phós sí John Rolfe, plandálaí tobaca, agus i mí Eanáir sa bhliain 1615, rug sí a mac, Thomas Rolfe.[5]

Sa bhliain 1616, thaistil Pocahontas agus John Rolfe go Londain. Cuireadh Pocahontas in aithne do na daoine móra ansin mar shampla de Indiach "sibhialta" agus súil ag cuid de lucht Jamestown infheistíocht a spreagadh sa choilíneacht acu. Bhí tóir uirthi, caitheadh léi go fial galánta agus bhí sí i láthair ag masque (bál) sa phalás Whitehall. I 1617, chuir na Rolfes chun na Farraige ar a mbealach ar ais go Virginia, ach fuair Pocahontas bás in Gravesend ar chúis anaithnid. Cuireadh in eaglais an pharóiste in Gravesend ach chuaigh an eaglais le tine timpeall 1727, agus níl 'fhios go díreach cá bhfuil a huaigh anois.[5]


Matoaka Whittle Sims sa bhliain 1844. Ba de shliocht Pocahontas í ar thaobh a mháthar agus a athar araon

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 "A Guide to Writing about Virginia Indians and Virginia Indian History". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Feabhra 24, 2012. Dáta rochtana: Meán Fómhair 22, 2016.
  2. Karenne Wood, ed., The Virginia Indian Heritage Trail Curtha i gcartlann 2009-07-04 ar an Wayback Machine, Charlottesville, VA: Virginia Foundation for the Humanities, 2007.
  3. "Pocahontas". Historic Jamestowne. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Aibreán 4, 2012. Dáta rochtana: Meán Fómhair 22, 2016.
  4. National Museum of the American Indian (2007). "Do All Indians Live in Tipis? Questions & Answers from the National Museum of the American Indian". New York: HarperCollins. 
  5. 5.0 5.1 "Pocahontas: Her Life and Legend".