Blocálaí H2
Clann drugaí a fheidhmíonn mar fhreasaithigh ar ghabhdóirí sa cholainn. I gcás an othrais ghastraigh, nach raibh de leigheas air ach máinliacht, is amhlaidh a chuireann sé stop le feidhmiú an hormóin áitiúil hiostaimín, a spreagann tál an aigéid isteach sa ghoile de ghnáth, agus leigheastar an t-othras taobh istigh de 6 sheachtain. Ba é an chéad cheann a úsáideadh mar seo simeitidín (leis an trádainm Tagamet) a tháinig ar an margadh i 1976, agus lean baill fheabhsaithe den chlann ó shin. James Black a d'fhorbair na drugaí seo, agus bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1988 as.[1]
Sonraí cliniciúla | |
---|---|
Grúpa cógaseolaíochta | drugs for acid-related disorders (en) agus frith-hiostaimín |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Blocálaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 80.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin chógaiseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |