Bob Burke

múinteoir Gaeilge Meiriceánach

Múinteoir Gaeilge Meiriceánach agus ball gníomhach den eagraíocht NAACLT ab ea Bob Burke (18 Meán Fómhair 1940 – 4 Aibreán 2020).

Infotaula de personaBob Burke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Meán Fómhair 1940
Bás4 Aibreán 2020
79 bliana d'aois
Uachtarán North American Association for Celtic Language Teachers
2013 – 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCamas
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmfiaclóir, múinteoir teanga Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Marylhurst
Cabhlach na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Chaith Bob an chuid is mó dá shaol fásta ag obair mar fhiaclóir i ngar do Baltimore, Maryland. Oileadh é mar fhiaclóir nuair a bhí sé i gCabhlach na Stát Aontaithe sna 1960idí. Bhí suim aige i gcónaí ina oidhreacht Éireannach, ach níor thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge go dtí go raibh beagnach leathchéad bliain slánaithe aige.[1] Is minic a ghlac sé páirt i gceardlanna do mhúinteoirí a reáchtáil Daltaí na Gaeilge in Esopus, Nua-Eabhrac. Nuair a bunaíodh NAACLT in 1995, ghlac Bob páirt ghníomhach san eagraíocht, agus bhí sé i láthair ag beagnach gach comhdháil de chuid na heagraíochta. In 2015, d'eagraigh sé an chomhdháil bhliantúil in Portland, Oregon.

Tar éis dó dul ar scor ón obair fiaclóireachta in 2002,[1] bhog Bob agus a bhean chéile go Camas, Washington, i ngar do Portland. Thosaigh Bob ag múineadh na Gaeilge ag deirí seachtaine in Portland agus áiteanna eile timpeall na Stát Aontaithe. Mhúin sé ranganna Gaeilge i gColáiste Clark in Vancouver, Washington, i gColáiste Pobail Portland, agus in Ollscoil Marylhurst.[2]

Bhí Bob ina oifigeach de NAACLT go minic thar na blianta:

  • Rúnaí/Cisteoir 1998-2000
  • Uachtarán 2002-2003
  • Cisteoir 2008-2011
  • Leas-Uachtarán 2012-2013
  • Uachtarán 2013-2015

Fuair sé bás ar an 4 Aibreán 2020.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Andúil sa Ghaeilge!". Beo! (2003). Dáta rochtana: 2024-02-05.
  2. "Sean-nós Northwest 2013" (2013). Dáta rochtana: 2024-02-05.