Bríd Ní Mhóráin
file Éireannach
Is scríbhneoir agus file Corcaíoch í Bríd Ní Mhóráin, a rugadh in Áth Trasna sa bhliain 1951.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1951 72/73 bliana d'aois Áth Trasna, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Cnuasaigh filíochta
cuir in eagar- Ceiliúradh Cré, Coiscéim (1992)
- Fé Bhrat Bhríde, An Sagart (2002)
- Síolta an Iomais, Cló Iar-Chonnachta (2006)
- An Cosán Bán/The White Path, Oidhreacht Chorca Dhuibhne (2008).
Saothair eile
cuir in eagarSa bhliain 1997, d'fhoilsigh An Sagart Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá, leabhar faoi mheath na Gaolainne i ndeisceart Ghaeltacht Chiarraí. Ba í Ní Mhóráin eagarthóir Idir Chruach is Chuan-Cúirt Phiarais (2007), agus eagarthóir Gaeilge The Best of Irish Poetry/Rogha Dánta 2008 (Munster Literature).
Tá a dánta le fáil in Cúm, The Kerry Anthology, The Field Day Book, The White Page/An Bhileog Bhán Irish Women Poets of the twentieth Century..
Duaiseanna Oireachtais
cuir in eagar- Filíocht: 1998, 1999
- Prós: 1992
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |