Brosnach
Sráidbhaile in iardheisceart na hÉireann is ea Brosnach.[1] Tá an sráidbhaile suite i dtuaisceart Chiarraí i ngar d'Oileán Chiarraí. Cuid de Shliabh Luachra atá ann. Faoi láthair, tá timpeall is 1200 duine ina gcónaí i mBrosnach. Tá dhá eaglais, dhá scoil, oifig poist agus cúig thigh tábhairne suite sa pharóiste. Tá sé suite gar do chontaetha Chorcaí agus Luimnigh agus do na bailte seo a leanas: Cnoc na gCaiseal agus Oileán Ciarraí i gContae Chiarraí, Mainistir na Féile agus Cnoc Uí Choileáin i gContae Luimnigh, Baile Deasumhan agus Séipéal na Carraige i gContae Chorcaí.
Brosnach | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chiarraí | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Logainm.ie | 1167029 |
Bailte Fearainn
cuir in eagar- Áthán
- Brosnach Thiar
- Brosnach Thoir
- Carraigín
- Coill an Charraigín
- Doire
- An Gleanntán Loiscthe
- Na Gníomha
- Innse an Lín
- Cill Mhainchín Thiar
- Cill Mhainchín Thoir
- Cnoc a' Phréacháin
- Cnoc a' Mhuine
- Cnoc Breac
- An Cnoicín Cruinn
- Cnoc Ognoe
- An Chnapóg
- Mín Uí Bhuacháin
- Tuairín na Bláiche
An Ghaelainn Thraidisúinta i mBrosnach
cuir in eagarBhí cainnteoirí dúthchasacha Gaeiilge fós le cloisint i mBrosnach agus sa cheantar timpeall uirthi san fhichiú haois: aon trian de mhuintir an pharóiste sa bhliain 1911. Bhí Gaolainn le cloisint ann fiú sna 1930í agus tháinig an tOllamh Ó Cuív ar chainteoirí Gaolainne cóngarach go leor don sráidbhaile ina dhiaidh sin arís, sa mbliain 1949.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Brosnach/Brosna | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Lámhscríbhinn Ghaeilge Ó Thuaisceart Chíarraí, le Pádraig De Brún, Studia Hibernica, uimhir 4 (1964), lgh 197-208
Naisc
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagar- Séamas Ó Catháin, file as an gceantar