Mainistir na Féile
Baile margaidh stairiúil i gContae Luimnigh in aice leis an teorainn le Contae Chiarraí is ea Mainistir na Féile.[1] Tá an baile in iarthar na hÉireann, 21 km (13 míle) ón Chaisleán Nua Thiar ar an N21, an príomhbhóthar ó Luimneach go dtí Trá Lí.
Mainistir na Féile | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Luimnigh | |||
Tíreolaíocht | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Fhéil | |||
Airde | 75 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1411623 | |||
Suíomh gréasáin | abbeyfealeonline.blogspot.ie |
Stair
cuir in eagarBaile réasúnta mór is ea Mainistir na Féile agus 1,940 duine ina gcónaí ar an mbaile féin, 2,508 sa cheantar ar fad (2006). Tá sé suite ar an dteorainn idir contae Chiarraí agus contae Luimnigh in iarthar na hÉireann. Tá cúlra stairiúil aige – fadó fadó in 1188 bhí mainistir ag na manaigh ar bhruach abha na Féile. Fuair cailín álainn darbh ainm “Fiale” bás san abhainn agus mar sin tugadh an t-ainm ‘Mainistir na Féile’ don bhaile. Tá dealbh den Athair Ó Chathasaigh suite sa chearnóg. Sagart paróiste ba an tAthair Ó Chathasaigh in aimsir chogadh na talún. Theastaigh uaidh laghdú a fháil ar íoc a bhí a dhéanamh aige ar son na dtionóin. Bhunaigh sé an Cumann Lúthchleas Gael i Mainistir na Féile agus mar sin tugadh an t-ainm an tAthair Ó Chathasaigh don gclub peile. Bhí athrú móra i Mainistir na Féile sa bhliain seo. Tháinig na daoine ón baile le chéile chun é a fheabhsú. Tá eagraíochtaí bunaithe – cúpla ceann atá liostaithe thíos.
Bailte slachtmhara
cuir in eagarCuireadh coiste na mbailte slachtmhara ar bun cúpla mí ó shin. Tá jab iontach á dhéanamh ag an gcoiste seo gan aon agó. Dhá uair in aghaidh na míosa, tagann na cónaitheoirí áitiúla le chéile chun an baile a ghlanadh. Bailíonn siad an bruscar atá caite ar na sráideanna agus ar na bóithre. Chuir siad bláthanna ag fás sa chearnóg agus tá siad go hálainn ar fad. Chlaochlaigh siad an baile agus dar liomsa sin an chúis go stopann níos mó turasoírí ann nuair a bhíonn siad ag dul chuig Cill Airne.
ACDA
cuir in eagarCosúil le gach baile eile in Éirinn bhí na gnóanna i Mainistir na Feile ag streachailt tar éis an chúlú eacnamaíochta. Mar thoradh bhunaíodh ACDA (‘Abbeyfeale Community Development Association’, Cumann Forbartha Pobail Mhainistir na Féile) chun gnó sa bhaile a fheabhsú. Tá sé soiléir anois go bhfuil níos mó daoine ón gceantar máguaird ag siopadóireacht i Mainistir na Féile seachas bheith ag siopadóireacht i gcathair Luimnigh nó i dTrá Lí. An chúis atá leis an athrú seo ná go bhfuil tairiscintí speisialta ar fáil sna siopaí áitiúla anois. Tá sé iontach gach duine a fheiceáil ag teacht le chéile chun a baile a fheabhsú.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil an bhaile Curtha i gcartlann 2016-01-13 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ “Mainistir na Féile/Abbeyfeale | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.