Bruíon

brú nó iostas in Éirinn na seanscéalta

Brú nó iostas in Éirinn na seanscéalta ab ea Bruíon (Sean-Ghaeilge Bruiden). Ba é a dílseánach nó brughaidh, a raibh ard-mheas aige de bharr a chuid fáilteachas; nó rí, a thógadh a leithéid i lár a dhún nó ráth (an Ghaillis dũnom, rátis; Breatnais din, caer).

Bruíon is located in island of Ireland
Forgaill Manaich
Forgaill Manaich
Dá Derga
Dá Derga
Mic Cecht Dá Réo
Mic Cecht Dá Réo
Dá Choca
Dá Choca
Da Thó
Da Thó
Bricriu Nemthenga
Bricriu Nemthenga
bruíonta in Éirinn

Seanscéalta

cuir in eagar

Sa scéal Scéal Muc Mhic Dhathó, deirtear nach raibh ar fud na hÉireann ach sé bhruíon, agus mar bhrughaí iontu Da Derga, Forgall Monach, Mac Dathó, Mac Dá Reo, Dá Chóca agus Blaí Briugu. I scéalta eile ámh, deirtear go raibh tuilleadh dá leithéid, amhail is an brughaidh Bricre agus a bhruíon in Fleadh Bhricreann.

Rinne Thurneysen cur síos ar dhearadh ciorclach bhruíon Da Derga. Sa scéal úd bhí na céadta gaiscíoch ann agus go leor biadh agus dí ar fáil. Bhíodh an tinteán i lár an tseomra, chun cócaireacht agus fosta ina áit suite tiarna nó rí na bruíne, agus ina thimpeall na haíonna de réir aicme. Bhí an bruíon i lár chrosbhóthair le seacht ndoras aici, agus ach ceann ansin acu dúnta – comhartha d'aíonna an bhrughadh.[1]

Seandálaíocht

cuir in eagar
 
Atógail den Bhruíon Eamhna Mhacha

De réir an seanscéal, is amhlaidh áibhéalta, bhí aghaidh cré-umha agus seod ag bruíon Bhricreann. Insíonn seandálaíocht scéal eile ámh. Sa rí-chathair, Teamhair, bhíodh foirgnimh níos lú laistigh desna fálta, ach níor aimsíodh bruíon ar bith ann. Ní soiléir é an raibh bruíon le fáil sa chréfort ó thuaidh de Ráth na Rí, a nglaoitear inniu 'Halla Fleá' air. Is ionann an fhianaise i Ráth Cruachan, an rí-chathair seanscéalach de Mhéabh agus Ailill mac Máta i gConnacht. Is é ach amháin i nEamhain Mhacha, rí-chathair Chonchúir mhic Neasa, go bhfuil a leithéid de bhruíon le fáil, an Craobh Rua, ainmnithe as lárphiléar darach leath-méadar ar tiús (de réir deindreacroineolaíochta, den bhliain 94 RC.), cé gur tuairimeach é seo fós.[2]

  1. Rudolf Thurneysen: Die irische Helden- und Königssage bis zum siebzehnten Jahrhundert. Halle 1921, lch. 634.
  2. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named HB