Is é an brollach nó na cíocha an réigiún uachtarach tairr ar chabhlach ainmhí, go háirithe i gcás na mamaigh (lena n-áirítear daoine).

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCíoch
Breasts of a woman.jpg
Sonraí
Laidinmamma
Cuid detóracs, corp, corp an duine agus sex (en) Aistrigh
internal thoracic artery (en) Aistrigh
internal thoracic vein (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD001940
TAA16.0.02.001
FMA9601 : il-aiseachordlathach
Téarmaíocht anatamaíoch


Cíoch

Sna príomhaigh, tá an dide ar bharr na cíche, agus an aireola timpeall uirthi sin. Bíonn na faireoga mamacha lonnaithe i mbrollach na mban, a tálann bainne a n-úsáidtear chun naíonáin a fhothú.

ComhdhéanamhCuir in Eagar

Cuimsíonn an chíoch fíochán faireogach, suite taobh istigh de mhaiseanna doimhne saille, tacaithe ag fíochán snáithíneach, cumhdaithe le craiceann.[1]

Bíonn an dá chíoch dhaonna ar aghaidh an chliabhraigh. Bíonn siad beag ar leanaí, ach le linn caithreachais, fásann go tapa sa bhaineannach, ach fanann buntúsach i bhfireannaigh. An méid is an chuma difriúil ó dhuine go duine.

Brollaigh mnáCuir in Eagar

Forbraíonn brollaigh na bhfear agus mban araon ó na fíocháin shuthacha céanna. Mar sin féin, ag teacht chun caithreachais, cuireann gnéas-hormóin baineann, éastraigin ach go h áirithe, forbairt cíche chun chinn, nach dtarlaíonn i bhfir. Mar thoradh air sin, bíonn brollaigh mná i bhfad níos suntasaí ná na bhfear.

Le linn toirchis, méadaíonn na cíocha, agus sroicheann uasmhéid le linn tál an bhainne (lachtadh). Is orgán é mar sin sa chóras baineann atáirgthe a tháirgeann bainne.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar