Círéibeacha Francacha, Meitheamh-Iúil 2023


Phléasc círéibeacha ar fud na Fraince ar 27 Meitheamh 2023 tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel Merzouk (thug na meáin "Nahel M" air). i Nanterre, bruachbhaile de chuid Pháras. Lean na círéibeacha ar aghaidh cúpla lá.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCíréibeacha Francacha, Meitheamh-Iúil 2023
Íomhá
Cineálcíréib Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse27 Meitheamh - 5 Iúil 2023
Dáta na blianaMeitheamh 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Fhrainc, An Fhrainc
an Bheilg, An Bheilg
an Eilvéis, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Nahel Merzouk (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúiskilling of Nahel Merzouk (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pionós380 () Cuir in eagar ar Wikidata
Creachadh an Biocop de Brest agus siopaí go leor eile

Marú "Nahel M" cuir in eagar

Cuireadh carranna agus foirgnimh go leor trí thine, srl

Scaoileadh an fear óg nuair a stop na póilíní é. Dúirt na póilíní ar dtús gur scaoileadar é toisc go raibh sé ag tiomáint ina gcoinne, ach tháinig sé chun solais nach raibh an cuntas sin fíor ó fhíseán den eachtra a uaslódáladh ar na meáin shóisialta. Cuireadh an póilín a scaoil an fear óg siar faoi choimeád.[1]

Círéibeacha cuir in eagar

Bhí an Fhrainc ina cíor thuathail amach is amach le linn na seachtaine 27 Meitheamh-2 Iúil. Bhí na deicheanna míle i mbun creachadóireachta ar fud fad na tíre. Cuireadh carranna agus foirgnimh go leor trí thine agus chaith agóideoirí tinte ealaíne in aghaidh na bpóilíní, srl. Gabhadh na céadta duine gach oíche go dtí an 2 Iúil. Bhí 40,000 póilín sa bhreis slógtha gach oíche.

Bhí "Nahel M" de bhunús Afraic Thuaidh, rud a chuir leis an éagóir a mhothaigh na hagóideoirí.[1]

Cháin Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus polaiteoirí eile an foréigean. Ach níor chuir sé sin aon chosc ar an ainrialachas,

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (1 Iúil 2023). "‎Nuacht Mhall: (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-07-01.