Súmaire cladaigh

(Athsheolta ó Cúcamar mara)

Inveirteabrach mara ispínchruthach le colainn bhog is ea an súmaire cladaigh. An béal ag ceann amháin, timpeallaithe ag suas le 30 adharcán, an t-anas ag an gceann eile. An craiceann leathrúil le struchtúir bheaga chnámhacha ann (cnáimhíní).[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSúmaire cladaigh
Holothuroidea Cuir in eagar ar Wikidata

Cucumaria miniata Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
ForíochtBilateria
FíleamEchinodermata
FofhíleamEchinozoa
AicmeHolothuroidea Cuir in eagar ar Wikidata
Blainville, 1834

Is ainmhí é a mhaireann ar ghrinneall na farraige nó gar dó, ó uisce tanaí cois cladaigh go dtí doimhneacht na farraige. Bíonn corp fada aige atá mar a bheadh ispín ann de ghnáth. Tá breis agus 1,000 speiceas díobh ar fud an domhain. Ag brath ar an speiceas atá i gceist bíonn siad chomh gearr le 2.5 cm nó chomh fada le 1 mhéadar ar fad! Craiceann tiubh righin a bhíonn ar an súmaire. Faoi mar a bhíonn ar an gcrosóg mhara tá béal, anas agus braiteoga air. Fásann féasóg de bhraiteoga timpeall a bhéil a úsáideann sé chun bia a scagadh amach as an sáile. Úsáideann an súmaire cladaigh braiteoga eile ar a dtugtar tiúbchosa agus é ag gabháil timpeall ar an ngrinneall. Tá greamáin súcháin ar na braiteoga a chuidíonn leis greim a fháil ar rudaí. Téann neart creachadóirí sa tóir ar an súmaire cladaigh – portáin, éisc agus turtair mhara ina measc, gan trácht ar dhaoine. Chun iad féin a chosaint sceitheann súmairí áirithe snáithíní greamaitheacha amach as an anas. Nuair a théann an creachadóir i bhfostú sna snáithíní sin bíonn seans ag an súmaire éalú leis chomh tapa agus is féidir.[2]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an súmaire cladaigh ina leabhar Cladaí Chonamara:

Is deacair a rá an iasc nó péist é seo leis an dreach aisteach atá air. Go deimhin, ní deas an feic é. Bíonn cuid acu sé horlaí ar fhad, dath buídhearg ar a ndroim agus bán ar a mbolg. Cónaíonn siad in aice díthrá rabharta mhóir. Corruair is féidir iad a fháil tirim sa gcladach, ach is í an domhain is fearr leo. Níl aon áirge le baint ag iascairí gliomach astu, níl aon mhaith mhór iontu le haghaidh baoití. Rudaí gan mórán mothú ná beo siad ach is féidir leo iad féin a ghreamú de rudaí eile agus iomlacht a fháil ó áit go háit. Níl siad fairsing agus is corruair a thiocfá trasna ar cheann acu...[3]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cúcamar mara". Fréamh an Eolais. Coiscéim.
  2. Líon an Dúlra, Eagrán 32, Samhradh 2020, Lth 8.
  3. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.