Luibh ilbhliantúil féaraigh inite[1] a fhásann go 80 ceintiméadar ar airde is ea an cabhsadán[2] (Stachys palustris), ar a dtugtar go minic duilleog na saor. Tá sé dúchasach do chodanna den Eoráise ach tugadh isteach i Meiriceá Thuaidh é [3]. Ciallaíonn an buafhocal speicis Laidineach palustris do "den riasc" agus léiríonn sé a ghnáthóg choiteann.[4]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCabhsadán
Stachys palustris Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhnucule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN203274 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineLamiaceae
GéineasStachys
SpeiceasStachys palustris Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Cur síos cuir in eagar

Is planda ilbhliantúil é an cabhsadán a fhásann ó stólan feadánach cothrománach. Tá gais chearnacha aige le duilleoga urchomhaireacha atá beagnach gan gas, lansach go líneach, beagáinín croíchruthach ag an mbonn agus fiaclach. Tá cúig liopa biorach sa chailís. Tá na bláthanna corcra-dearga i gcríoch-spící, le bearnaí sa chuid íochtarach den spíce. Tá siad eagraithe i rothóga, gach bláth comhdhéanta de chúig pheitil chomhtháite, an coróinín dhá-liopach, an liopa uachtarach le cochall air go réidh agus an liopa íochtarach cothrom agus trí-liopach. Den chuid is mó, tugann bumbóga cuairt ar na bláthanna.[5] Tá ceithre staimín, dhá cheann fada agus dhá cheann gearr aige agus is scitseacarp tirim ceithre ceithre urrann é an toradh.[6][7]


Tagairtí cuir in eagar

  1. northern bushcraft
  2. “Stachys palustris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  3. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named ROM
  4. Archibald William Smith Teimpléad:Google books
  5. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2015). Plant Biology 18: 56–62. doi:10.1111/plb.12328. PMID 25754608. 
  6. Webb, D.A., Parnell, J. and Doogue, D. (1996) An Irish Flora. Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd. ISBN 0-85221-131-7
  7. "Marsh woundwort: Stachys palustris".