Is crann beag síorghlas é cainéal (Cinnamomum verum), arbh as Srí Lanca é ó dhúchas. Déantar spíosra de choirt an chrainn. Glaoitear cainéal ar seo freisin.

Bosca Sonraí BiaCainéal
Canelle Cinnamomum burmannii Luc Viatour.jpg
Bunús
Dáta cruthaithe2000 "RCh"
Gastranómachaisealaín Tuircis agus Catalan cuisine (en) Aistrigh
TáirgeoirCanelita
Sonraí
Cineálspíosra
Príomh-chomhábhairRúsc

An crann féinCuir in Eagar

Tá crainn cainéal 10-15 meadar ar airde. Tá cruth uibheach ar na duilleoga, 7–18 cm ar fhad. Tá na bláthanna eagraithe i bpanacal, tá dath glas orthu agus tá boladh faoi leith orthu. Tá caor beag corcra mar thoradh ar an gcrann. Bíonn síol amháin sa chaor.

Conas mar a bhaintear feidhm asCuir in Eagar

Is é cainéal ceann de na spíosraí is mó a bhaineann daoine taitneamh as. Tá éileamh ollmhór air ar fad an domhain. Tá blas milis air agus dá bharr cuirtear ar bhia milis é de ghnáth. Critheann daoine cainéal ar bharr caife, ar chístí, ar bhreachtán, uachtar reoite agus ar a lán milseoga eile. Mar aon le sin, is maith le daoine é a mheascadh le sú úill te agus é a ól um Nollaig nó sa gheimhreadh.

TagairtíCuir in Eagar