Cairbre Crom
Aonú rí déag Uí Mhaine ba ea Cairbre Crom (beo c. 556).
Teaghlach | |
---|---|
Páiste | Cormac (?) |
Athair | Feradhach mac Lughadha |
De shliocht é Cairbre de Mháine Mór, bunaitheoir Uí Mhaine i lár na 4ú haoise. Meastar gurbh é an rí leathstairiúil deireanach i ríocht Uí Maine, agus é beo sa dara ceathrú den 6ú haois.
Fearadhach mac Lughaidheach ba ea athair Chairbre, agus Cairpri Mac Feithine agus Nadsluaigh a dheartháireacha. Tugtar a ginealach mar a leanas:[1]
- ... Cairpri Cruim, mic Fearadaig, mic Lugaid, mic Dallain, mic Bresail, mic Maine Moir.
Is sinsear é Cairbre a bheag nó a mhór de gach ceannaire Uí Mhaine agus Síol Anmchadha, óna ré féin go dtí bunú Ríocht na hÉireann, .i. tréimhse míle bliain. Insítear i Leabhar Uí Mhaine:[2]
- Cairpri Crom en mac lais, .i. Cormac. Da mac la Cormac, .i. Eogan Finn, ocus Eogan Buac. Eogan Finn, dia ta tuaiscert O Maine, ocus Eogan Buacc, a quo deiscert O Maine.
Bhunaigh Anmchadh mac Eoghain Bhuaic (bás c. 757), ríocht Síol Anmchadha, luaite thuas mar deiscert O Maine. I measc clann de mhuintir Anmchadha, tá Mhic Uallacháin agus Uí Madadháin.
Sinsear Thadhg Mór Ó Ceallaigh (bás 1014) ba ea Eoghan Finn. Sinsear Chlann Uí Cheallaigh ba ea Tadhg, luaite thuas mar tuaiscert O Maine.
Bhí an t-ainm céanna ag an mbeirt Eoghan, b'fhéidir toisc go raibh máithreacha éagsúla acu.
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
- Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
- Denis Walsh, Uí Mhaine
- Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Leabhar Uí Mhaine, Genealach h-Ui Ceallaig and so, lch. 44
- ↑ Leabhar Uí Mhaine, Genealach h-Ua Maine and so, Cland Cairpri Cruim, ll. 27-28
Réamhtheachtaí Marcán |
Rí Uí Mhaine 556–? |
Comharba Brenainn mac Cairbre |