Cathair na Stéige
Is lios ársa i gContae Chiarraí é Cathair na Stéige nó an Stéig.[1] Tá sé suite trí mhíle siar ón tSnaidhm ar leithinis Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí. Ceapadh go raibh an dún tógtha le linn na hIarannaoise, am éigin idir 300 agus 400 AD, mar dhúnfort cosantach i gcomhair rí nó tiarna áitiúil.
Cathair na Stéige | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Lios | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
Suíomh | Uíbh Ráthach | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 143 | |||
ID logainm | 1166777 | |||
Tá sé seo ar cheann de na cathracha is mó; agus is breátha in Éirinn agus is dóigh gur i gcéadta luatha d'aois Chríost, sular tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn, a tógadh í. Ní foláir nó go raibh taoiseach nó feirmeoir an-saibhir, a raibh géarghá aige le cosaint, ina chónaí inti.
Tá balla suas le 6 m ar airde agus 4 m ar leithead, a tógadh gan mhoirtéal, timpeall ar limistéar a bhfuil 30 m de thrastomhas ann. Tá roinnt siúntaí atá beagnach os cinn a chéile le feiceáil sa bhalla, rud a léireodh, b'fhéidir, gur ina bpíosaí a rinneadh an chathair seachas in aon ghníomh leanúnach amháin. Trí phasáiste cúng le lindéir os a chionn a chuathas isteach sa chathair.
Is dóigh go raibh teach cónaithe theaghlach an úinéara; chuid dá ngardaí agus dá shearbhóntaí sa chathair agus go raibh an áit lán de thithe cónaithe, de thithe clóis, de phubaill, de champaí, agus de struchtúir shealadacha eile. Níl aon rian d'fhoirgnimh sa chathair inniu cé go bhfuil dhá sheomra bheaga istigh sa bhalla féin. Tá staighrí, cúl le cúl, ag dul suas go dtí barr an bhalla, ar an taobh istigh. Thug créfort agus díog timpeall na cathrach cosaint bhreise di.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Cathair na Stéige/Staigue Fort | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-04-13.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |