Caisleán Anraí Aimhréidh

Caisleán Anraí Aimhréidh (Béarla: Harry Avery's Castle) suite circa 800 méadar (leathmhíle) siar ó dheas ó Bhaile Úr an Stíobhardaigh (Béarla: Newtownstewart), i gContae Thír Eoghain, Éire. Is sampla neamhchoitianta é de chaisleán cloiche a thóg taoiseach Ghaelach in Ultaibh, cé go bhfuil a bhunús agus a stair neamhchinnte.

Caisleán Anraí Aimhréidh
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCaisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 50′ 06″ N, 7° 27′ 29″ O / 54.835°N,7.458°W / 54.835; -7.458

Tá baint aige le hAnraí Aimhréidh Ó Néill (d'éag 1392) agus ainmníodh ina dhiaidh é.[1] Luadh bás Anraí Aimhréidh in Annála na gCeithre Máistrí (M1392.1):

Enrí Aimhreidh mac Neill Móir Uí Néill rioghdamhna Cenél n-Eoghain, & degh-adhbhar aird-righ Erenn do chert, d'uaisle, & d'einech d'écc, fo fhel Brénoinn iar m-buaidh n-ongtha, & n-aithrighe.[2]

Tá sé suite i mbaile fearainn Pháirc na bhFianna Uachtaracha nó Úra, i gceantar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, ag eangach thagartha H3915 8527. Is Séadchomhartha Cúraim Stáit (Béarla: State Care Monument) iad iarsmaí an chaisleáin, faoi Ghníomhaireacht Comhshaoil Thuaisceart Éireann.[3]

  1. "Harry Avery's Castle". Northern Ireland Sites and Monuments Record. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Aibreán 2015. Dáta rochtana: 23 Deireadh Fómhair 2021.
  2. "Annála na gCeithre Máistrí". Dáta rochtana: 2022-06-11.
  3. Tá ort na shonrú' 'archiveurl = agus' 'archivedate = nuair a úsáideann {{lua idirlín}}.doeni.gov.uk (2009). "State Care Historic Monuments to 31 March 2009". Dáta rochtana: 2021.


Féach freisin

cuir in eagar