Caisleán an Chomair
baile i gContae Chill Chainnigh
Caisleán an Chomair | |
---|---|
Léarscáil | |
Daonra (2006) | 1,531 |
Airde: | 149 m[1] |
Contae: | Contae Chill Chainnigh |
Cúige: | Laighin |
Is é Caisleán an Chomair (Béarla: Castlecomer) príomhbhaile thuaisceart Chontae Chill Chainnigh, Poblacht na hÉireann. Bhí timpeall ar 1,531 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006. Tá an baile san áit a dtagann na bóithre N78 agus R694 le chéile, deich míle taobh thuaidh de chathair Chill Chainnigh.
Tagann ainm an bhaile ó chaisleán áitiúil a thóg na Normannaigh thiar sa bhliain 1171 ar mhullóg a bhfuil geataí an Castlecomer Demesne suite uirthi inniu.