Cathair i gcúige Alberta, Ceanada is ea Calgary. Tá Calgary suite i ndeisceart an chúige i measc cnoc íseal agus fásach féir, 89 ciliméadar nó mar sin taobh thoir de raonta tosaigh na Sléibhte Creagacha. Sa bhliain 2006, bhí 1,096,833 duine ina gcónaí sa chathair féin agus é ar an tríú cathair is mó i gCeanada. Sa bhliain chéanna, bhí 1,214,839 duine i mórcheantar Chalgary, rud a fhágann gurb í Calgary an cúigiú mórcheantar uirbeach is mó sa tír.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCalgary

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósCalgarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 51° 03′ N, 114° 04′ O / 51.05°N,114.07°W / 51.05; -114.07
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaAlberta Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,306,784 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,582.91 hab./km²
Líon na dteaghlach466,725 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deCalgary Metropolitan Region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla825.56 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Bow, Abhainn Elbow agus Glenmore Reservoir (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,045 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 1875Áit lonnaithe
7 Samhain 1884Baile
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachCalgary City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Calgary Cuir in eagar ar WikidataJyoti Gondek (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistT1, T2 agus T3 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód403, 587 agus 825 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincalgary.ca Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: CityofCalgary GitHub: thecityofcalgary Cuir in eagar ar Wikidata

Geilleagar

cuir in eagar

Tá geilleagar Chalgary bunaithe ar an ola agus ar an ngás nádúrtha, ar an talmhaíocht agus ar an turasóireacht. Bíonn an Calgary Stampede, rodeo agus aonach mór, ann gach bliain i mí Iúil ón bhliain 1912 anuas.

Tá Calgary 294 ciliméadar ó dheas ó Edmonton, príomhchathair an chúige. “Bealach [Corridor] Calgary-Edmonton” a thugtar ar an tsraith bhailte beaga idir an dá chathair.

Bíonn Calgary rangaithe go hard ar shuirbhéanna a bhaineann le cáilíocht na beatha. Mar shampla, sa bhliain 2007 chuir an iris Forbes Calgary sa chéad áit ar a liosta s'acusan de na cathracha is glaine ar Domhan.[1]

Sa chathair Calgary féin, tá muid ar thalamh treibhe na Stoney Nakoda. Tá trí threibh dhifriúla taobh istigh den Stoney Nakoda; Chiniki, Bearspaw agus Wesley. Leoga, is é ‘Moh’kinsstis’ an fíorainm atá ar Calgary, sa teanga Blackfoot.[2]

Fort Brisebois a thugtaí ar an áit ar feadh tamall, ach sa bhliain 1876 d’ainmnigh an Coirnéal James MacLeod Fort Calgary é i ndiaidh Calgary (Gàidhlig: Calgarraidh) i Muile, in Albain.

Tionóladh na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh den chéad uair riamh i gCeanada, in Calgary, sa bhliain 1988.

Calgary International Airport – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 16.5 22.6 22.8 29.4 32.4 35.0 36.1 35.6 33.3 29.4 22.8 19.5 36.1
Meán-uasteocht an lae (°C) −2.8 −0.1 4.0 11.3 16.4 20.2 22.9 22.5 17.6 12.1 2.8 −1.3 10.5
Meán-bháisteach (mm) 11.6 8.8 17.4 23.9 60.3 79.8 67.9 58.8 45.7 13.9 12.3 12.2 412.6
Foinse: Environment Canada[3] Lúnasa 2010
  1. "Which Are The World's Cleanest Cities?" (Aibreán 2007).
  2. Aodhán Ó Baoill (2023-11-14). "Cuntas ó Cheanada: na Daoine Beaga i bhfolach" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-01.
  3. "Canadian Climate Normals 1971–2000". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Meitheamh 2009. Dáta rochtana: 28 Lúnasa 2011.


Radharc ar lár Chalgary