Seanaonad fuinnimh, i bhfoirm teasa de ghnáth. An méid teasa is gá chun 1 g uisce a théamh ó 15 °C go dtí 16 °C. Is ionann calra is 4.184 J (giúl), méid an-bheag fuinnimh. Mar shampla, bíonn gá ag gnáthdhuine le 2.5 milliún calra óna chuid bia gach lá. Mar sin, luaitear an fuinneamh a fhaightear ó mheitibileacht bia — a luach calrach — ina chileachalraí (1,000 calra) nó ina chalra mór, a scríobhtar le ceannlitir mar seo: Calra, giorraithe go dtí C. Mar sin, luach timpeall 2,500 kC de bhia a bhíonn ó ghnáthdhuine gach lá.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.