Siúlóid agus via ferrata sna cnoic ó thuaidh de chathair Málaga, i ndeisceart na Spáinne, is ea Caminito del Rey. Tá radharcanna iontacha le feiceáil ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCaminito del Rey

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 36°54′57″N 4°46′22″W / 36.91583°N 4.77278°W / 36.91583; -4.77278
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneAn Andalúis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1905

Tá an turas ar fad forbartha agus daingnithe agus tá slabhraí miotail ag dul an bealach ar fad ar thaobh amháin agus balla breá láidir ar an taobh eile. Téann treoraí oifigiúil ón bPáirc an bealach ar fad le gach aon ghrúpa.

Tarraingíonn na sluaite anois ar an ‘Caminito’ gach lá agus gach duine acu ag déanamh iontais den mhéid a bhain innealtóirí agus oibrithe cloiche amach sa gcéad seo caite.[1]

Caminito del Rey

Tógáil cuir in eagar

Thosaigh an tógáil sa bhliain 1901. Tá abhainn agus loch ann agus an-úsáid a baineadh astu chun córas hidrileictreach a chur ar bun don cheantar. Ní chuimhneodh aon duine ar scéim mhór hidrileictreach a thógáil ansin anois, chomh gann is atá an t-uisce anois sa chuid seo den Spáinn.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (26 Eanáir 2024). "Tá níos mó ná fadhb amháin ag teacht chun cinn de dheasca scéal na haimsire sa Spáinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-28.