Carál Ní Chuilín

polaiteoir Éireannach

Is polaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin í Carál Ní Chuilín, atá lonnaithe sa Lóistín Nua, i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig sí i gcomharbas ar Nelson McCausland mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTionól Stormont sa bhliain 2011.

Infotaula de personaCarál Ní Chuilín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Nollaig 1964
59 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Comhalta den Tionól Reachtach
5 Bealtaine 2022 –

Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 –


Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann
6 Bealtaine 2011 – 24 Márta 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)


An tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta
5 Bealtaine 2011 – 6 Bealtaine 2016
← Nelson McCausland (en) Aistrigh
Ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann
9 Márta 2007 – 24 Márta 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)


Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Ollscoil Oscailte Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Twitter: caralnichuilin Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Carál Ní Chuilín sa Lóistín Nua i dtuaisceart Bhéal Feirste, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill. Gearradh príosún naoi mbliana uirthi sa bhliain 1989 as a bheith páirteach i bplean chun baill den RUC a mharú le tréanphléascáin, as bhallraíocht den IRA agus as pléascáin a bheith ina seilbh aici.

Chaith sí ceithre bliana faoi ghlas sular scaoileadh saor í.[1] Ar theacht amach ón phríosún di, bhain sí céim bhaitsiléara amach i Staidéar Sóisialta agus lean sí uirthi ina dhiaidh sin chun céim mháistir a dhéanamh sa bhainistíocht. I gcaitheamh a gairm bheatha go dtí seo, bhí sí ina comhordaitheoir ar an eagraíocht "Tar Anall", a dhéanann freastal ar theaghlaigh agus ar iarchimí poblachtanacha, agus ina comhchathaoirleach ar Bhord Comhpháirtíochta Bhéal Feirste Thuaidh. Anuas air sin, is í Carál Ní Chuilín príomhaoire Shinn Féin i dTionól Stormont.

Toghadh í ina comhairleoir cathrach do cheantar na Seanpháirce i dtuaisceart Bhéal Feirste sa bhliain 2005 agus d'fhan sí sa phost sin ar feadh dhá bhliain. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sí mar Chomhalta den Tionól Reachtach don toghcheantar Béal Feirste Thuaidh. Sa bhliain 2011, i ndiaidh di bheith tofa mar CTR den dara huair as a chéile, ceapadh í mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta.[2]

Tréimhse mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta cuir in eagar

Tharraing an tAire Ní Chuilín aird na meán nuair a d'fhreastail sí ar chluiche sacair fhoireann Thuaisceart Éireann i bPáirc Windsor, rud nach ndearna ball sinsearach den pháirtí riamh go dtí sin. Chomh maith leis sin, mhol sí iarrachtaí Chumann Sacair na hÉireann dul i ngleic le seicteachas, ag rá go raibh tréaniarracht ar bun ag na húdaráis leis an fhadhb sin a laghdú.[3]

Líofa 2015 cuir in eagar

Tá suim ar leith ag Carál Ní Chuilín sa Ghaeilge, cé nach bhfuil an teanga ar a toil aici[4] agus sheol sí an feachtas Líofa 2015 i mí Mheán Fómhair na bliana 2011. Is é is cuspóir le Líofa 2015 ná daoine san earnáil poiblí ó thuaidh a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim, agus le líofacht na Gaeilge a bhaint amach faoin spriocdháta sa bhliain 2015.

Tá an feachtas dírithe go mórmhór ar bhaill de na seirbhísí slándála agus ar réalta spóirt agus tá sé ráite ag Carál Ní Chuilín go bhfuil sí ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine nár chóir go mbeadh fochialla polaitiúla ag baint le teanga ar bith, an Ghaeilge san áireamh.[5]

 

Tuairiscíodh ar lá seolta an fheachtais, is é sin an 5. Meán Fómhair 2015, go raibh tuairim is 150 ball de Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, an Leasardchonstábla Judith Gillespie ina measc, i ndiaidh glacadh le dúshlán an Aire Ní Chuilín le líofacht a bhaint amach faoin bhliain 2015. Chuir roinnt polaiteoirí aontachtacha, cosúil le Basil McCrea, fear de bhoic mhóra an UUP, fáilte roimh an tionscnamh fosta.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Alt sa Sunday Life, 2006 le feiceáil anseo ar bhlag Shaoirse32". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-27. Dáta rochtana: 2011-09-06.
  2. ""Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir nua", Nuacht 24, 16. Bealtaine 2011". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-08-08. Dáta rochtana: 2011-09-02.
  3. Alt ar shuíomh idirlíne an BBC, 11 Lúnasa 2011
  4. Gaelscéal, 2 Meán Fómhair 2011
  5. "Alt ar Nuacht 24 mar gheall ar fheachtas Líofa 2015". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-09-09. Dáta rochtana: 2011-09-04.
  6. Nuacht Yahoo!, 5ú Meán Fómhair 2011