Cara Dillon
Is amhránaí Éireannach í Cara Dillon (rugadh 21 Iúil 1975 in Dún Geimhin, Co. Dhoire). In 2001 rinne Dillon a shlí bheatha mar amhránaí aonarach a lainseáil in Éirinn, Albain agus sa Bhreatain le céad albam s'aici, Cara Dillon.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Iúil 1975 49 bliana d'aois Dún Geimhin, Northern Ireland |
Faisnéis phearsanta | |
Náisiúntacht | Éireannach |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol tíre agus rac-cheol |
Gairm | amhránaí, ceoltóir |
Tréimhse oibre | 1995 – |
Ball de | |
Seánra | Ceol traidisiúnta na hÉireann |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Rough Trade Records |
Teaghlach | |
Céile | Sam Lakeman |
Suíomh gréasáin | caradillon.co.uk |
Beathaisnéis
cuir in eagarTús (1991–1995)
cuir in eagarIs as ceantar mhór ceoil traidisiúnta Dillon. Ó bhí sí ina pháiste scoile bhíodh sí ag ceol go minic. D'fhoghlaim sí amhráin áitiúla ó mhúinteoirí agus ag ceardlann amhránaíochta a bhíodh ar siúil sa bhaile. Tig léi fosta an fhidil agus réimse feadóige a sheinm. Agus í 14 bliain d'aois bhuaigh sé duais amhránaíochta Éireann Uile ag Fleadh Cheoil na hÉireann.
In 1991 ghlac sé páirt i ngrúpa ceoil áitiúil, Óige, lena chairde scoile Murrough agus Ruadhraí Ó Catháin. Rinne an ghrúpa dhá chéirnín agus Cara mar ceoltóir acu. Rinne siad fosta cúpla camchuairt a dhéanamh in Éirinn, Albain, Sasain agus san Eoraip. Sa tréimhse seo cheol Cara le léithidí De Dannan, Phil Coulter agus Altan. D'fhág Cara in ghrúpa i ndiaidh cuireadh a fháil chun páirt Kate Rusby a ghlacadh ins an grúpa Equation.
Ráth (1995–2000)
cuir in eagarD'fhág Cara Equation le baill eile den ghrúpa, Sam Lakeman (a bheadh mar fear céile aici sa todhchaí) de dheasca difríochtaí ceolmhar. Bhí aitheantas ar an bheirt mar Polar Star. Rinneadh cúpla albam a tháiféadadh in San Francisco, ach sa deireadh ní rinne Warner Music Group iad a fhoilsiú. Sa bhliain 2000 réitigh Dillon agus Lakeman nach raibh siad dul bheith ábalta an toradh cheart a thabhairt don chomhlacht agus scaoil siad a gcuid naisc leis an gcomhlacht ceoil. Sa bliain céanna, shínigh an bheirt conradh le Rough Trade Records.
Rough Trade Records (2001–2007)
cuir in eagarThaifead Cara a chéad albam ins The Firs, teach tuismitheoirí Lakeman. Rinneadh cuid de a thaifeadadh i gContae Dún na nGall, Éireann. Rinne Lakeman an albam a léiriú agus rinne John Reynolds (Sinéad O'Connor, Damien Dempsey) é a mheascadh. Bá ábhar traidisiúnta an mhór-chuid den cheol. Foilsíodh an albam ar 16 Iúil 2001, agus gairm criticiúil aige. Chríochnaigh Dillon agus Lakeman 2002 le hard-meon agus iad pósta i mí na Nollag.
In 2003 tháinig Sweet Liberty amach. Bhí sé fiú níos mó ná a halbam dheireanach. D'imigh Cara go dtí An tSeapáin chun ardú céime a thabhairt don albam. Chomh maith, thaistil sí le ceoltóirí eile a bhí páirteach i WOMAD. D'imigh an chúpla isteach sa stiúideo in 2004 chun an tríú a thaifeadadh.
Tháinig After The Morning amach ar 27 Feabhra 2006. Ghlac an Czech Philharmonic Orchestra, Martin Simpson, Mairtín O'Connor, Cathal Hayden agus Paul Brady páirt ar an dhlúthdhiosca.
Charcoal Records - 2008
cuir in eagarIn Eanáir 2008, rinne Cara agus á ghrúpa ceoil DVD, The Redcastle Sessions, in Dún na nGall. Tháinig a chéad albam eile amach in Eanáir 2009, Hill of Thieves ar lipéad Dillon féin, Charcoal Records.
Eile
cuir in eagarIn 2006, cheol Dillon agus Iarla Ó Lionáird Mo Ghile Mear ós comhar 500 milliún duine ar fud na cruinne d'oscailt an Ryder Cup in Éirinn.
Teaghlach
cuir in eagarRugadh dhá mac (cúpla) Dillon agus Lakeman, Noah agus Colm Lakeman ar 17 Samhain 2006.
Dioscliosta
cuir in eagarAlbaim
cuir in eagar- Cara Dillon (2001)
- Sweet Liberty (2003)
- After The Morning (2006)
- Hill Of Thieves (2009)