Caravaggio
Ealaíontóir Iodálach ab ea Michelangelo Merisi (Michele Angelo Merigi nó Amerighi) da Caravaggio (29 Meán Fómhair 1571 – 18 Iúil 1610), a bhí gníomhach sa Róimh, Napoli, Málta agus sa tSicil idir 1592-1595 agus 1610.[1]
Caravaggio | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Michelangelo Merisi |
Eolas breithe | Milano agus Caravaggio, 29 Meán Fómhair 1571 |
Náisiúntacht | Diúcacht Milan |
Grúpa eitneach | Iodálaigh |
Bás | Porto Ercole (en) ![]() |
Áit adhlactha | Porto Ercole (en) ![]() |
Muintir | |
Athair | Fermo Merixio |
Máthair | Lucia Aratori |
Céile/Céilí | luach ar iarraidh |
Oideachas | |
Teangacha | An Iodáilis |
Múinteoirí | Simone Peterzano |
Gairm | |
Gairm | péintéir |
Áit oibre | An Róimh, Zagarolo, Napoli, Vaileite, Sioracús, an tSicil, Genova, Messina, Milano, Palermo agus Paliano |
Saothar iomráiteach | Supper at Emmaus (en) ![]() Amor Vincit Omnia (en) ![]() Medusa (en) ![]() Basket of Fruit (en) ![]() The Fortune Teller (en) ![]() The Seven Works of Mercy (en) ![]() Self-Portrait as Bacchus (en) ![]() Bacchus (en) ![]() Annunciation (en) ![]() Judith Beheading Holofernes (en) ![]() |
Duaiseanna | |
Gluaiseacht | Barócach |
Gluaiseacht ealaíne | genre painting (en) ![]() religious painting (en) ![]() ábhar neamhbheo |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Caitliceachas |
Discogs ID | 2235003 |
![]() |
SaotharCuir in Eagar
Chuir Caravaggio go mór leis an phéintéireacht le linn am Ré Bharócach.
Tá pictiúr clúiteach dá chuid, Gabháil Chríost,[2] i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBailte Átha Cliath.[3][4] Tháinig saineolaí - Sergio Benedetti - ar an phictiúr de thaisme sa bhliain 1990,agus é i lochta tí de chuid Ord na nÍosánach i mBaile Átha Cliath.[5] Bhí dearmad déanta ag an ord agus ag gach aon duine eile de. Tá an pictiúr ar taispeáint anois sa dánlann agus luach thar luach air.[6]
TioncharCuir in Eagar
Ba phéintéir réabhlóideach é Caravaggio le meon lasánta agus a obair a chuaigh i bhfeidhm go hollmhór ar ghlúin iomlán ealaíontóirí.
Bhí sé aitheanta mar mháistir críochnúil de chiaroscuro, a chiallaíonn “éadrom-dorcha” go liteartha in Iodáilis. Tagraíonn an téarma den chothromaíocht de thuineacha éadroma agus dorcha i saothar agus go háirithe i gcás cumas an ealaíontóra chun scáthanna a láimhseáil.[1]
Bhí tionchar nach beag ag Caravaggio ar dhearcadh aeistéitiúil na hEaglaise Frith-Reifirméisean leis, go háirithe le pictiúir chlúiteacha ar nós Iompú Naomh Pól agus an Suipéar ag Eamáús.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 "Gabháil Chríost, le Michelangelo Merisi da Caravaggio" (ga). National Gallery of Ireland. Dáta rochtana: 2022-07-18.
- ↑ "The Taking of Christ (Caravaggio)" (as en) (2022-07-17). Wikipedia.
- ↑ MICHEAL O. hAODHA (2 Eanáir 2013). "Ealaíontóir cróga a thuig a cheird" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-25.
- ↑ "Gaeilge" (ga). National Gallery of Ireland. Dáta rochtana: 2022-07-18.
- ↑ Sergio Benedetti (Iml 82, No. 328 (Geimhreadh, 1993)). "Studies: An Irish Quarterly Review, lch 385-394". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Pól Ó Muirí (14 Aib 2020). "Eachtraí iontacha Phaidí Pheadair as Toraigh ar fáil do ghlúin nua léitheoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-18.