Carl Bosch
Ceimiceoir agus innealtóir Gearmánach ab ea Carl Bosch (27 Lúnasa 1874 – 26 Aibreán 1940), agus bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice. Bhí sé ina cheannródaí i réimse na ceimice tionsclaíche ardbhrú agus bhunaigh sé an ilchuideachta cheimiceach agus chógaisíochta IG Farben, a bhí tráth ar an cheann is mó ar domhan.
(1931) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Lúnasa 1874 Köln |
Bás | 26 Aibreán 1940 65 bliana d'aois Heidelberg |
Áit adhlactha | Bergfriedhof |
Geheimrat | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Theicniúil Bheirlín Ollscoil Leipzig |
Áit chónaithe | Villa Bosch (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic |
Gairm | ceimiceoir, innealtóir, acadóir, cumadóir, bailitheoir eolaíochta |
Fostóir | BASF IG Farben |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Teaghlach | |
Athair | Carl Friedrich Alexander Bosch |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
Beathaisnéis
cuir in eagarLuathbhlianta
cuir in eagarRugadh Carl Bosch i Köln do sholáthraí rathúil gáis agus pluiméireachta. Ba é Carl Friedrich Alexander Bosch (1843 -1904) a athair agus ba é Robert Bosch a uncail, a bhí i gceannas ar fhorbairt na spréachphlocóide agus a bhunaigh an chuideachta ilnáisiúnta Bosch. Rinne Carl, agus é ag iarraidh cinneadh a dhéanamh idir gairm sa mhiotaleolaíocht nó sa cheimic, staidéar ag an Königlich Technische Hochschule Charlottenburg (Ollscoil Theicniúil Bheirlín anois) agus Ollscoil Leipzig ó 1892 go 1898.
Gairmréim
cuir in eagarD’fhreastail Carl Bosch ar Ollscoil Leipzig, agus seo an áit a ndearna sé staidéar faoi Johannes Wislicenus,[1] agus bhain sé a dhochtúireacht amach sa bhliain 1898 le haghaidh taighde sa cheimic orgánach. Tar éis dó imeacht sa bhliain 1899 ghlac sé post sa leibhéal iontrála ag BASF, an gnólacht ceimiceach agus ruaimneoireachta is mó sa Ghearmáin ag an am. Ó 1909 go dtí 1913 d’athraigh sé léiriú barrbhoird Fritz Haber ar mhodh chun nítrigine a fhostú ag baint úsáide as ceimic ardbhrú trí phróiseas Haber-Bosch chun níotráit shintéiseach a tháirgeadh, próiseas a bhfuil iliomad feidhmeanna tionsclaíochta aige chun éagsúlacht beagnach gan teorainn de chomhdhúile tionsclaíocha, earraí tomhaltóra agus táirgí tráchtála a dhéanamh. Ba é a phríomh-ionchur ná scála an phróisis a leathnú, rud a chuir ar chumas méideanna ollmhóra níotráite sintéiseacha a thairgeadh. Chun seo a bhaint amach, bhí air gléasra agus trealamh a thógáil a d'fheidhmeodh go héifeachtach faoi bhrúnna agus teochtaí arda gáis. Bhí Bosch freagrach freisin as catalaíoch níos praiticiúla a aimsiú ná an t-osmiam a bhí gann agus an úráiniam a bhí daor á úsáid ag Haber.[1]Ba é a phríomh-chion oibre ná scála an phróisis a leathnú, rud a chuir ar chumas táirgeadh tionsclaíoch méideanna ollmhóra níotráite sintéiseacha. Chun seo a dhéanamh, bhí air gléasra agus trealamh a thógáil a fheidhmeoidh go héifeachtach faoi bhrúnna arda gáis agus teochtaí arda.[lua ag teastáil] Bhí Bosch freagrach freisin as catalaíoch níos praiticiúla a aimsiú ná an oismiam gann agus an úráiniam costasach, a bhí in úsáid ag Haber.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Carl Bosch | German chemist". Encyclopedia Britannica (in Béarla). Aisghafa 9 Nollaig 2017.
- ↑ "The development of the chemical high pressure method during the establishment of the new ammonia industry".
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |