Thosaigh Cath Kherson san Ucráin ar 24 Feabhra 2022 agus tháinig deireadh leis ar 11 Samhain 2022.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Kherson
Íomhá ghaolmhar
Map
 46°38′N 32°36′E / 46.63°N 32.6°E / 46.63; 32.6
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deionradh na Rúise ar an Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse24 Feabhra - 2 Márta 2022
SuíomhKherson, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata

Seilbh ar Kherson cuir in eagar

Go luath sa chogadh d’éirigh leis na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar cheann droichid ar bhruach thuaidh abhainn an Dnipro timpeall Kherson agus chuir siad leis go dtí gur stopadh iad lasmuigh de Mykolaiv.[1] Ag tús an chogaidh d’éirigh leis na Rúisigh Kherson a bhaint amach go han-tapa agus tuairiscíodh go raibh siad in ann an droichead ar an Dnipro a thrasnú le cúnamh ó ghníomhaire de chuid fhórsaí slándála na hÚcráine. Briseadh ginearál de chuid seirbhís faisnéise agus slándála na hÚcráine as a phost in Kherson toisc gur cuireadh ina leith gur chomhoibrigh sé leis na Rúisigh roimh an ionradh.[2]

Díreach ina dhiaidh sin, rinne na Rúisigh roinnt iarrachtaí an t-aerfort atá lonnaithe taobh ó thuaidh den chathair a ghabháil. Chaill siad go leor saighdiúirí agus trealamh míleata sa chath agus tuairiscíodh gur maraíodh beirt Leifteanantghinearál sna hionsaithe freisin.

Tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar Kherson agus ar an aerfort thug siad a n-aghaidh ar Mykolaiv níos faide ó thuaidh chun an bealach chuig Odesa a oscailt. Ach d’éirigh leis na hÚcránaigh iad a stopadh agus an ruaig an chur orthu taobh amuigh de Mykolaiv.[2]

Ba í Kherson an t-aon phríomhchathair réigiúnach a tháinig faoi smacht na Rúiseach ó rinne siad ionradh ar an Úcráin ar 24 Feabhra 2022.[3] Níos measa, bhí an Úcráin i mbaol ionsaithe i dtreo Mykolaiv agus chalafort Odesa nó i dtreo chathair Kryvyi Rih agus lár na tíre.

Frithionsaí cuir in eagar

Sheol na hÚcráinaigh ionsaithe i mí Mhéan Fómhair 2022 ar thrí ais: aniar aduaidh ó Mykolaiv, ar lár an chinn droichid agus anoir aduaidh ar an gceann droichid.[1] Níor éirigh leo bogadh go tapa trí línte cosanta na Rúiseach. Níor tháinig na frithionsaithe timpeall Kherson aniar aduaidh ar na Rúisigh toisc gur mhaígh na hÚcránaigh go raibh siad chun an feachtas a sheoladh.

1 Meán Fómhair 2022

Measadh go raibh idir 20,000 agus 25,000 saighdiúir ag na Rúisigh timpeall Kherson ag an am. De réir measúnaithe éagsúla bhí fórsa den mhéid céanna ag na hÚcránaigh sa cheantar.

Mar gheall ar na hionsaithe na Úcráine ar na droichid agus scrios na n-armlann, bhí ar na Rúisigh báid farantóireachta, báirsí agus droichid phontúin a úsáid chun an abhainn a thrasnú agus a gcuid trúpaí a athsholáthar.

Reifreann cuir in eagar

Reachtáladh 'reifrinn' idir 23-27 Meán Fómhair i Kherson agus réigiún eile. Cuireadh ceist ar na pobail iontu ar mhaith leo a bheith mar chuid den Rúis. Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go raibh "rogha shoiléir" déanta ag muintir Kherson nuair a léirigh siad gurbh fhearr leo a bheith faoi smacht Mhoscó.

Saoradh cuir in eagar

Ghlac an Úcráin seilbh ar Kherson ar 11 Samhain. Bhí coirp shibhialtaigh agus shaighdiúirí faighte sa chathair.[4]

Dúirt Rialtas na Rúise gur cuid den mháthairthír i gcónaí í Kherson, idir an chathair agus an t-oblast (nó cúige). Bhí cuid den oblast i gcónaí faoi smacht na Rúiseach. I ndeireadh na bliana 2022, bhí na Rúisigh lonnaithe ar bhruach thoir na Dnípire díreach ar aghaidh a gcéilí comhraic Úcránacha ar an mbruach thiar, agus bhí an dianchogaíocht ag leanacht ar aghaidh i gcónaí in oirthear na hÚcráine.[5] Ach méadóidh athghabháil chathair Kherson an raon a bheidh ag córas diúracáin ar nós HIMARS chun stoc armlóin agus línte soláthar na Rúiseach a bhualadh.

Ba bhuille mór síceolaíoch é cailliúint Kherson tar éis do Putin é a ionghabháil agus a rá le muintir na Rúise gur cuid den Rúis a bheadh ann go deo.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Máirtín Ó Duibhir (14 Meán Fómhair 2022). "ANAILÍS MHÍLEATA: Bua suntasach d’fhórsaí na hÚcráine agus cinneadh le déanamh ag na Rúis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-14.
  2. 2.0 2.1 Máirtín Ó Duibhr (11 Samhain 2022). "Nuair atá tú ag tarraingt siar is léiriú don domhan mór é nach bhfuil tú ag buachan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-14.
  3. "An Úcráin: Kherson athghafa agus brollach an chatha brúite soir" (ga). RTE.ie (2022-11-11). Dáta rochtana: 2022-11-14.
  4. Nuacht RTÉ (2022-11-14). "An Úcráin: cuairt tugtha ag Zelensky ar Kherson" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2022-11-13). "Géarchéim dhaonnachta i gcathair Kherson" (as ga-IE). 
  6. Fachtna Ó Drisceoil (14 Samhain 2022). "Cén lorg a fhágfaidh cúlú na Rúiseach as Kherson ar an gcogadh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-14.