Cath Mhonte Porzio
Cath Mhonte Porzio
Dáta: 29 Bealtaine 1167
Áit: Idir cnocán Mhonte Porzio Catone agus ballaí chathair Tusculum, garraí "Prataporci", Lazio sá lá atá inniu ann.
Toradh: Bua don Impireacht
Céilí comhraic
Impireacht Naofa Rómhánach arm an Chomúin Rómhánaigh cathairstát
Ceannasaithe
Christian von Buch
Rainald von Dassel
Oddone Frangipane
Slua
1,600 fear 10,000 fear
Taismigh
Ní fios Ní fios

Troideadh Cath Mhonte Porzio (ar a dtugtar Cath Tusculum freisin) ar an 29 Bealtaine 1167 idir Impireacht Naofa na Róimhe agus Común na Róimhe (Iodáilis: Comune di Roma). Chlaoigh fórsaí an Impire Friedrich I agus a chomhghuaillithe áitiúla, Comhaireamh Tusculum agus rialtóir Albano, an t-arm Rómhánach comhchoiteann, a ghlaoigh staraí amháin air "an t-arm is mó a chuir an Róimh isteach sa bhlár catha leis na céadta bliain". [1] Agus é ag plé tionchair an chatha ar chathair na Róimhe, thug staraí amháin le fios go raibh a éifeacht cosúil le "Cannae na Meánaoise." [2]

Bhí an blár catha idir cnoc beag agus ballaí chathair Tusculum, in áit ar a dtugtar "Prataporci", thart ar 25 km soir ó dheas ón Róimh. Sa Chronica Universalis cuireann an scríbhneoir comhaimseartha Sicardo da Cremona (Laidin: Sicardus Cremonensis) síos ar shuíomh an chatha mar “apud Montem Portium" (Gaeilge:in aice le Monte Porzio)

Tá Cath Mhonte Porzio mar chuid den streachailt fhada idir catharstáit na hIodáile agus Impireacht Naofa na Róimhe. Sa bhliain 1166, thug Barbarossa amach faoi aistear go dtí an Iodáil leis an rún an Pápa Alastar III frith-impiriúil a bhris as oifig agus a fhrithphápaa féin Paschalis III a lonnú in áit. Chomh maith leis sin, chuir sé bheirt phrealáid iomráiteach ón Impireacht, Ardeaspag Köln, Rainald von Dassel agus Ardeaspag Mainz Christian von Buch, i gceannas ar airm isteach chuig Latium (an réigiún timpeall na Róimhe) chun na gcathairstát sin a bhí i gcoinne chumhacht an impire a chur faoi smacht.

Ar an 18 Bealtaine, ghabh Rainald Civitavecchia agus ansin bhog sé ar aghaidh go cathair chairdiúil Tusculum, b'fhéidir ar mholadh an Chunta Raino, a bhí ina impiriúlaí. Bhí arm an Chomúin Rómhánaigh ag ciapadh Tusculum, céile comhraic le fada. Mhol an Pápa Alastar, agus a fhios aige gur dócha go dtiocfadh Barbarossa chun lámh chuidithe a thabhairt do Raino, na Rómhánaigh chun staonadh ó ionsaí a dhéanamh ar a chathair. Níor oibrigh sé: nuair a d'fhoghlaim an consal (ceannaire) de chuid an Chomúin Rómhánaigh gur tháinig Rainald go dtí Tusculum, chuir sé arm chun an t-ardeaspag a chur faoi léigear sa chathair.

Agus an t-arm Rómhánach ag druidim leis, chuir an Cunta Raino agus an tArdeaspag Rainald focal chuig Christian, a bhí imithe ag imshuí Ancona ar an gcósta, chun teacht i gcabhair orthu. I measc arm Christian bhí na fórsaí a bhí faoi cheannas an Easpaig Alastar II de Liège, agus Comhaireamh Roberto III di Loritello. Ba é an líon iomlán trúpaí a bhí i gceannas Christiain ná thart ar 1,300, a bhí, dar le Otto von St. Blasien, ina chomhcheangal de 500 ridirí (Laidin: milites) agus 800 caesarianos (trúpaí impiriúla). Cuireann Otto 300 fear taobh istigh de Tusculum. Tugann croiniceoirí eile le fios go raibh 1,000 Marcra agus roinnt gallóglach Brabantach leis. De réir na meastachán is ísle bhí fórsaí 500 fear ag Christian.

Chuir Christian a airm i gcampaa in aice leis an gcnoc agus chaith sé lá amháin agus é ag iarraidh teacht ar réiteach. Dhiúltaigh arm an Chomúin Rómhánaigh tairiscintí taidhleoireachta Christiain agus ina ionad sin rinne siad ionsaí lena bhfórsa iomláin, ab ionann iad agus 10,000 fear a bhí drocharmtha, Dé Domhnaigh na Cincíse. Níor caomhnaíodh ainm cheannaire an fhórsa Rómhánaigh, ach b'fhéidir gurbh é Oddo Frangipani é. Bhí fórsaí níos líonmhaire ag Común na Róimhe ná fórsaí an Impire, ach bhí fórsaí an Impire faoi diansmacht agus freisin bhí sais dea-armtha. Sheas na Brabantaigh, mar aon leis an marcra ó chathair Rainald, Köln, in aghaidh lucht coisithe na Róimhe. Roinn dhá ruathar ó Tusculum na Rómhánaigh: ceann amháin ag bualadh a gcliatháin agus ceann eile ag rith tríd an lár. De réir mar a theith an marcra Rómhánach as an bpáirc, thug na Brabantaigh fogha faoin gcampa Rómhánach. Ní raibh ach an tríú cuid den arm Rómhánach in ann cúlú taobh istigh de bhallaí na Róimhe roimh titim na hoíche. Tógadh na mílte príosúnach ar deireadh thiar agus cuireadh iad chuig Viterbo (mac Oddo Frangipani san áireamh), agus fágadh níos mó marbh ar an bplár agus ar an mbóthar.

Bhain an Pápa agus Oddo tearmann amach sa Colosseum (a bhí daingnithe mar chaisleán ag an am) agus a d'éiligh siad trúpaí athneartaithe. D'ullmhaigh an chathair le haghaidh léigir. Níos déanaí ar aghaidh theith an pápa go cathair Benevento agus tháinig an tImpire isteach sa Róimh. Bhí an arm Impiriúil, áfach, buailte go dona ag ráig de mhaláire nó den phlá, agus tharraing Barbarossa a chuid fórsaí siar go dtí an Ghearmáin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ferdinand Gregorovius, Rome in the Middle Ages, vol. IV, part 1, Annie Hamilton (trans.), 580.
  2. Gregorovius, 582.