Cath Stalingrad
Cuid de Fronta Thoir den Dara Cogadh Domhanda
Cath Stalingrad

Géar-chogaíocht sráide

Dáta: 23 Lúnasa 1942 – 2 Feabhra 1943
Áit: Stalingrad, APSS, (Volgograd, an Rúis inniu)
Toradh: Bua Sóivéadach
Céilí comhraic
An Ghearmáin
An Rómáin
An Iodáil
An Ungáir
An Chróit
Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha
Ceannasaithe
Adolf Hitler
Maximilian von Weichs
Friedrich Paulus
Hermann Hoth
Erich von Manstein
W. F. von Richthofen
Petre Dumitrescu
C. Constantinescu
Italo Gariboldi
Gusztáv Jány
Iósaf Stailín
Georgy Zhukov
Nikolay Voronov
Aleksandr Vasilevsky
Andrey Yeryomenko
Konstantin Rokossovsky
Nikolai Vatutin
Vasily Chuikov
Nicíte Cruistsiof
Slua
270,000 187,000
Taismigh
647,300–868,374 1,129,619
† Fuair bás sa choimhlint

Ba é Cath Stalingrad an cath ba mhó sa Dara Cogadh Domhanda (23 Lúnasa 19422 Feabhra 1943) idir Gearmáin na Naitsithe agus an tAontas Sóivéadach i gcomhair smacht chathair Stalingrad (Volgograd anois) sa Rúis theas.

Cuimhnítear an cath mar cheann de na cathanna ba fhuiltí i stair na cogaíochta, mar gheall ar an dlúthchomhrac a bhí i gceist agus na h-ionsuithe díreacha a rinneadar ar chosmhuintir na cathrach ón aer. Chaill an dá dhream cuid mhór saighdiúirí.[1]

In earrach na bliana 1942, chinn Hitler ar a aird a dhíriú ar Stalingrad a ghabháil, in ionad Mhoscó.[2]

Ar an Volga a bhí Stálingrad; chuir an Volga stop le dul chun cinn na nGearmánach isteach in olacheantair shaibhre an réigiúin Chugais.

Cé gur mian le hAdolf Hitler an cogadh ar a dhá fhronta a sheachaint le fada an lae, d'ionsaigh 6ú aonad an airm Stalingrad, rannán Pansar san áireamh, i mí Lúnasa na bliana 1942. Rinne Séú Arm na Gearmáine smidiríní den chathair. Anuas ar sin, bhí stráicí móra den chathair beagnach bánaithe ag an Luftwaffe.

Níorbh fhada go ndeachaigh cúrsaí chun olcais don dá thaobh agus iad ag streachailt ó dhoras go doras, agus trúpaí breise ag stealladh isteach sa chathair. Nuair a bhí lár mí na Samhna ann, bhí fórsaí cosanta na Rúise brúite siar ina limistéirí beaga taobh leis an Volga, ach ar chostas ollmhór ag na Gearmáinigh.

Frithionsaí

cuir in eagar

Sheas na Sóivéadaigh an fód, áfach, agus rinne siad frithionsaí, ag troid ó shráid go sráid agus ó fhoirgneamh go foirgneamh.

I mí na Samhna 1942, thimpeallaigh an Marascal Zhukov, le cabhair an Ghinearáil Rokossovsky agus an Ghinearáil Yeremenko, Séú Arm na Gearmáine, i ngluaiseacht iontach phionsúir. Ar an 19 Samhain, chuir an tArm Dearg Oibríocht Úránais i mbun gnímh. Ionradh dhá ladhar a bhí ann a bhí dírithe ar na bhfórsaí Rómánacha agus Ungáracha a bhí ag cosaint 6ú aonad na nGearmánach.

Mar toradh, fágadh an Séú Arm faoi léigear i gcathair scriosta, i rith an gheimhridh ghairbh.

 
Friedrich von Paulus ar dheis

Theastaigh ón nGinearál Gearmánach, Friedrich von Paulus, iarracht a dhéanamh láithreach briseadh amach. Ach ní ghlacfadh Hitler leis go mbuafaí air, agus thoirmisc sé beart dá leithéid.

An teachtaireacht Hitler chuig Paulusː

An Ceannasaí Uachtarach chuig an Séú Arm, 24 Eanáir 1943: Níl cead géilleadh. Cosnóidh an SéúArm an áit a bhfuil siad go dtí an fiar deireanach, agus go dtí an t-urchar deireanach, agus de thoradh à ndochloíteacht laochta[3], ní dhéanfar dearmad go deo ar a ndearna siad chun fronta cosanta a bhunú, agus chun an domhan lartharach a shábháil.

Gheall Goering do Paulus go gcuirfeadh sé 700 tonna de sholáthairtí ar fáil dá chuid fórsaí ón aer gach lá. Ach níor éirigh leis an soláthar sin ón aer, Arís eile d'iarr Paulus cead géilleadh. Dhiúltaigh Hitler, agus rinne iarracht Paulus a cheansú trí ardú céime a thabhairt dó. Mar sin, rinne Hitler Marascal Machaire de Paulus.

Ach faoi mhí Fheabhra 1943, bhain caillteanais ollmhóra do na Gearmánaigh. Níor bhac Paulus le hordú Hitler, agus ghéill sé. (Mar bharr ar uirísliú na nGearmánach, ba é Paulus an chéad Mharascal Machaire riamh a gabhadh i gcath. Níor scaoil na Rúisigh saor é go dtí 1953).

Iarmhairtí

cuir in eagar

Ceaptar gur chuir Cath Stalingrad casadh mór ar an Dara Cogadh Domhanda.[4] Bhuaigh an tAPSS agus an chuma air i mí na Samhna 1942 nach n-éireodh leis na Rúisigh Cuireadh iachall ar arm na Gearmáine cúlú ar an bhFronta Oirthearach.

  1. "Battle of Stalingrad" (as en) (2020-08-23). Wikipedia. 
  2. Seán Delap. "Siopa.ie - Deachtóireacht & Daonlathas 1920-1945". www.siopa.ie. Dáta rochtana: 2020-08-23.
  3. buanseasmhacht
  4. AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA (2002). "SCRÚDÚ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA, 2002 (STAIR - GNÁTHLEIBHÉAL)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.