Cathal mac Conchúir

Rí Chonnacht
(Athsheolta ó Cathal mac Conchobair)

Rí na gConnacht ba ea Cathal mac Conchúir (Meán-Ghaeilge Cathal mac Conchobair) (bás 925).

Infotaula de personaCathal mac Conchúir
Beathaisnéis
Bás925 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteTadhg mac Cathail Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConchúr mac Taidhg Mhóir

Muintir cuir in eagar

An tríú mac le Chonchúr mac Taidhg Mhóir (bás 882) a bheith ina rí Chonnacht ba ea Cathal. Tháinig sé i gcomharsanacht ar a dheartháir níos sine, Aodh (bás 888) agus a dheartháir níos óige Tadhg (bás 900).[1][2] B'fhéidir é go raibh deartháir eile acu, Maol Cluiche (Máel Cluiche), a d'éag i mbun chatha sa bhliain 913.

Síol Mhuireadhaigh, ghéag de chlann Uí Bhriúin Aoi, ba ea muintir Chathail. Mhaígh siad gurbh é Brión, leasdeartháir Niall Naoighiallach, a sinsear. Dáileadh ríogacht na gConnacht idir Síol Mhuireadhaigh agus Síol Chathail. Faoin am Chathail, ámh, bhí Síol Chathail as an áireamh.

Rí na gConnacht cuir in eagar

Agus Cathal ina rí Chonnacht, d'éiligh an tArdrí, Flann Sionna (bás 916), a dhílseacht. Socraíodh seo ag cruinniú ag Cluain Mhic Nóis sa bhliain 900. Feictear Cathal go minic i ndeireadh sin ag troid ar son agus i dteannta le Flann.[3]

Cogaidh Mhuimhneacha cuir in eagar

Tharla cogadh idir an Ardrí agus rí an Mumhan, Cormac mac Cuileannáin (bás 908). Tarraingíodh Cathal san aighneas mar chomhghuaillí Fhlainn. Sa bhliain 907, rinne airm na Mumhan feachtas, cabhlach ar na Sionainne san áireamh, in éadan na gConnacht chomh fada is Mag nAí (lár Ros Comáin) agus ghabhadar gialla Chonnacht.[4][5] Sa bhliain 908, ámh, chloígh airm an Ardrí, agus Cathal ina theannta, a naimhde na Mumhan i gCath Bhealach Múna ar Magh Ailbhe (Bealach Múna, tuaisceart Cheatharlach Carlow), agus maraíodh Cormac.[6][7][8]

Ionradh ar na Connachta cuir in eagar

Sa bhliain 913, thosaigh Niall Glúndub (bás 919) de Cineál Eoghain a thriall ar an ard-ríogacht. D'ionsaigh sa na Connachta agus chloígh sé fir Uí Amalgada agus Umhaill),[9] agus maraíodh deartháir Chathail. D'éirigh Niall ina Ardrí sa bhliain 916.

Cliseadh Dhonnchadha Dhoinn cuir in eagar

Rinne an chéad Ardrí eile, Donnchad Donn (bás 944) na Mí, ionradh ar na Connachta sa bhliain 922,[10] ach cloíodh é ag Áth Luain. Ní deirtear arbh é go raibh sé ag brú a údaráis nó ag troid in gcoinne na Lochlannaigh ar an Sionainn a bhí sé. Bhí ríthe Uí Fhiachrach Aidhne, Máel mac Dauí, maraithe ag na Lochlannach an bhliain chéanna.[10]

Bás Táiniste na gConnacht cuir in eagar

Tuairiscítear sna hannála gur maraíodh rídhamhna na gcumhacht sa bhliain 923. I nAnnála Uladh, Maol Cluiche ab ainm dó.[11] Dar le hAnnála na gCeithre Máistrí, Indreachtach mac Conchúir a bhí i gceist.[12] Feictear Indreachtach ar Loch Deirgeirt i dteannta le fir na Mí ag caitheamh cabhlach na Mumhan amach as an Sionainn.[13]

Bás agus comharbas cuir in eagar

Fuair Cathal bás sa bhliain 925 ina aithríoch.[14] Tháinig a mhac Tadhg an Túir (bás 956) i gcomharbacht. Tháinig ansin i gcoróin Fearghal Ó Ruairc (bás 967) de chlann Uí Bhriúin Bhréifne a bhí ag teacht chun cinn.

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh, G100001A
  • Annála na gCeithre Máistrí, G100005A
  • Chronicum Scotorum, G100016
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 20
  2. Ó Corráin, lch. 179
  3. Byrne, lch. 266
  4. Chronicum Scotorum, CS 907
  5. Ó Corráin, lch. 113
  6. Annála Uladh, AU 908.3
  7. Byrne, lch. 266
  8. Ó Corráin, lch. 113
  9. AU 913.6
  10. 10.0 10.1 CS 922
  11. AU 923.6
  12. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 920.13
  13. CS 910
  14. AU 925.5, in penitentia
Réamhtheachtaí
Tadg mac Conchobair
Rí na gConnacht
900–925
Comharba
Tadg mac Cathail