Conchúr mac Taidhg Mhóir

Rí na gConnacht

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Chonchúr mac Tadhg Mhóir (Sean-Ghaeilge Conchobar mac Taidg Móir) (bás 882). Muiris mac Tomaltaigh (bás 815), iar-rí, ba ea a sheanathair.[1] D'éag a athair, Tadhg Mór (bás 810) ag troid ar son a athar in éadan tuatha na gConnacht.[2] Síol Mhuireadhaigh ba ea a mhuintir. Tá clann Uí Chonchúir na gConnacht ainmnithe as.

Conchúr mac Taidhg Mhóir
Saol
Eolas breithe9ú haois
Bás882
Muintir
AthairTadhg Mor MacMurigheas, King of Connaught
Páistí
Gairm

BeathaCuir in Eagar

Ní fios go cruinn dátaí a réimeas. De réir an ríliosta sa Leabhar Laighneach, bhí sé i gcoróin le 27 bliain, a chuireann in úil go raibh sé i réim ón mbliain 855.[3] Tuairiscítear go bhfuair leath-rí, Mugron mac Máele Cothaid, bás sa bhliain 872.[4]

Bhí Connacht faoi ghéillsine Ardrí na hÉireann sa tréimhse seo. Sa bhliain 860, chuaigh fir na gConnacht ar feachtas le Maol Seachnaill mac Maoil Ruanaidh (bás 862) de Chlann Cholmáin in éadan Uí Néill an Tuaiscirt. Rinne siad campa ar Mag Dumai, gar d'Ard Mhacha, áit a ionsaíodh iad. Chuireadar an ruaig ar an ionsaí seo, ach níor tháinig buaiteoir cruinn as an bhfeachtas.[5] Sa bhliain 863, tháinig an tArdrí nua, Aodh Fionnliath (bás 879) de Chineál Eoghain sa Chonnachta chun a údarás a bhrú orthu.[6]

Throid Conchúr ar son Aodha Fhionnléith in éadan Fhlann mhic Conaing (bás 868), rí Bhreá, agus a chomhghuaillithe Lochlannacha i gCath Cell Ua nDaigri sa bhliain 868, agus bhuaigh siad in ainneoin go raibh a naimhde níos líonmhaire.[7][8] Maraíodh Flann ag Manchán, tiarna Uí Bhriúin na Sionna agus géillsine Conchúir:[9]

Mór an bhuaidh do Mhannachán,
do ghlonn[10] an ghaisccidh ghairg,
cend mic Conaing ina láimh,
do bháigh[11] for ionchaibh[12] mic Taidhg

Insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann gur tharla ruathar Lochlannach trína Connachta ar a shlí go Luimneach sa bhliain 867 agus go ndearnadh luíochán rompu agus cloíodh iad ag fir na gConnacht.[13] Sa bhliain 873, rinneadh ruathar ar na Connachta ag Dúnchad mac Duib-dá-Bairenn (bás 888), rí na Mumhan agus Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí.[14]

Maraíodh rídhamhna Chonnacht, Abán mac Cináede le tine ag Sochlachán mac Diarmada sa bhliain 867. Sa bhliain 872, fuair an leath-rí Mugron mac Máele Cothaid bás.[15] Fuair Conchúr féin bás agus é ina shean-aois sa bhliain 882.[16]

ClannCuir in Eagar

Bhí Conchúr pósta le hAilhbe ní Maoil Seachnaill (an tArdrí). Rinneadh ríthe na gConnacht de mhic Conchúir, Aodh (bás 888), Tadhg (bás 900) agus Cathal (bás 925). Bhí mac eile ann darbh ainm Maol Cluiche (Máel Cluiche) (bás 913).

Ghlac mhuintir Chathail an sloinne Uí Chonchúir.

FoinsíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 20.
  2. Annála Uladh, AU 810.3.
  3. Leabhar Laighneach, Ríg Connacht
  4. AU 872.9.
  5. AU 860.1.
  6. Chronicum Scotorum, CS 863.
  7. AU 868.4
  8. CS 868.
  9. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 866.9
  10. glonn, (a) éacht, gníomh; (b) laoch; ar teanglann.ie FGB
  11. báigid (c), taispeán, ar eDIL
  12. eineach (tabharthach iolra), aghaidh
  13. Annála Easpacha na hÉireann, AE 866.
  14. CS 873.
  15. AU 867.5.
  16. AU 882.7, uitam senilem


Teimpléad:Connachta