Dúnchad mac Duib-dá-Bairenn
Rí na Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Dúnchadh mac Duibh-dá-Bhoireann (Sean-Ghaeilge Dúnchad mac Duib-dá-Bairenn) (bás 888). Bhí sé i gcoróin ón mbliain 872 go 888.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 888 (Féilire Ghréagóra) |
Rí na Mumhan | |
872 – 888 ← Máel Gualae mac Donngaile – Dub Lachtna mac Máele Gualae → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Chaisil |
Sinsearacht éiginnte
cuir in eagarBa bhall de Chlann Failbhe é Dúnchad, agus Dubh Dá Bhoireann mac Crannmhaol ba ea a athair.[2]. Feictear é siúd sna ginealaigh mar uncail Tnúthghaile mhic Dhonnghaile, é sin nó a dheartháir.[3]
Réimeas
cuir in eagarInsítear sna hannála gur éag rí Ceann Faoladh Ó Mughthighirn d'Eoghanacht Áine extenso dolore, in pace.[4] Tháinig a mac, Eoghan (bás 890), i gcomharbacht mar abb Imligh, ach rinneadh rí na Mumhan de Dhúnchadh, ball d'Eoghanacht Chaisil maraon le réamhtheachtaí Cinn Fhaolata, Maol Guala mac Donnghaile.
Insítear tásc Dhúnchadha i nAnnála Uladh don bhliain 888.[5] Tháinig Dubh Lachtna mac Maoil Guala i gcomharbacht air, é féin fosta ball de Chlann Fhailbhe.
Foinsí
cuir in eagar- Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- T.W Moody, F.X. Martin, F.J. Byrne (2011). "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists. A companion to Irish History part II". Oxford: Oxford University Press.