Cenn Fáelad hua Mugthigirn

Rí na Mumhan de chuid rítheaghlach na nEoghanacht ba ea Ceann Faoladh Ó Macthiarna (Sean-Ghaeilge Cenn Fáelad hua Mugthigirn[1]) (bás 872). Bhí sé i gcoróin ón mbliain 861 go 872. Rinneadh abb Imligh, príomheaglais na nEoghanacht, de ón mbliain 851, áit a tháinig sé i gcomharbacht ar iar-rí Mumhan, Ólchúr mac Cinnéide (bás 851).

Infotaula de personaCenn Fáelad hua Mugthigirn
Beathaisnéis
Bás872
Rí na Mumhan
859 – 872
← Máel Gualae mac DonngaileDúnchad mac Duib-dá-Bairenn → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Áine Cuir in eagar ar Wikidata

Eoghanacht Áine cuir in eagar

I dtosach, measadh gur bhall d'Eoghanacht Oirthir Cliach, sliochtach 5ú ghlúin de Chormac Sriabhdhearg, deartháir Fearghasa Scannail mhic Criomhthainn (bás 582), rí Mumhan.[2] De réir taighde an lae inniu ámh, is níos dóichí é gur bhall d'Eoghanacht Áine é, sliochtach 6ú ghlúin de descendant of Gharbhán mac Éanna (fl. 596), rí Mumhan.[3] Luaitear é an i Sioncronachtaí Laud mar bhall den chlann seo.

Bunaithe ag Cnoc Áine i gceachtar Chliú (oirthear Luimnigh), gar d'Imleach, a bhí an chlann. Bhí a uncail Rechtibrae mac Mugthigirn (bás 819) ina abb Imligh ón mbliain 787 go 819, agus a sheanathair Macthiarna mac Ceallaigh (Mugthigern mac Cellaig) (bás 785) ina abb Inis Cealtra, Loch Deirgeirt. B'fhéidir é gurbh é Murchadh é ainm a athar.

Rí na Mumhan cuir in eagar

Tháinig Ceann Faoladh i gcoróin sa bhliain 861, tar éis idir-ríochta dhá bhliain.[4] The high king, Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí (bás 862) de Chlann Cholmáin had reduced Munster to complete submission sa bhliain 858 agus scaradh na hOsraí ón Mhúnadh sa bhliain 859. Ghabh na Lochlannaigh ansin rí na Mumhan, Maol Guala mac Donnghaile (bás 859), agus d'imrigh siad a bhás air le clocha. Sa bhliain 860, áfach, chuaigh fir na Mumhan i dteannta leis an Ardrí ar feachtas i gcoinne Uí Néill an Tuaiscirt.[5]

Imeachtaí a réimis cuir in eagar

Bhí na Lochlannaigh gníomhach fós le linn na tréimhse seo. Sa bhliain 866, rinne Lochlannaigh ar Luimneach faoi cheannas Tomrair creach ar Chluain Fearta, ach cloíodh í. Chuaigh Tomrar ar mire agus d'éag sé ar Oileán Mhanann.[6][7] Rinne na Ciarraí ruathar ar a arm, chur suas chun na farraige iad agus chloígh siad iad.[8]

Sa bhliain 866 fosta, rinne Lochlannaigh as Corcaigh, i gceannas Gnímh Chinnsiolaigh (Gním Cinnsiolaigh), ionsaí ar Fir Maige Fén as Mainistir Fhear Maí. Tháinig na Déise, ámh i gcomhréir leis na bhFir, agus chloígh siad na Lochlannaigh. Theith Gníomh i ndún isteach, agus d'iarr sé cosaint ar Cheann Faoladh, ach dhiúltaigh sé é. Tarraingíodh é as a thearmann amach agus maraíodh é.[9]

Sa bhliain 871, rinne rí cumhachtach na nOsraí, Cearbhall mac Dúnghaile, ionsaí ar an Mumhain chomh fada siar thar Shliabh Luachra.[10]

Bás cuir in eagar

Instear go bhfuair Ceann Faoladh bás sa bhliain 872 tar éis tréimhse fhada breoiteachta.[11] Rinneadh abb Imligh dá mac Eoghan (bás 890) was sa mbliain 887.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Dublin: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ? macthigern, mac tiarna; mug, mog, mogh, daor, sclábhaí; ar eDIL
  2. Byrne, Tábla 13
  3. Byrne, corrigenda, lch. xxv-xxvi
  4. Annála Inis Faithlinn, AI 861.1
  5. Annála Uladh, AU 860.1
  6. AI 866.1
  7. Annála Easpacha na hÉireann, FA 337, FA 341
  8. FA 341
  9. FA 342
  10. FA 399
  11. AU 872.3