Máel Gualae mac Donngaile

rí Éireannach

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Maol Guala mac Donnghaile (Sean-Ghaeilge Máel Gualae mac Donngaile) (bás 859). Ba bhall é de Chlann Fáilbhe. Tnúthgal mac Donngaile (bás 820), rí Mumhan dar le roinnt foinsí, ba ea a sheanathair, agus Áilgenán mac Donngaile (bás 853), rí Mumhan fosta, ba ea a dheartháir.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 856 go 859.

Infotaula de personaMáel Gualae mac Donngaile
Beathaisnéis
Bás859
Siocair bháisClochadh
Rí na Mumhan
853 – 859
← Áilgenán mac DonngaileCenn Fáelad hua Mugthigirn → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Chaisil Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDub Lachtna mac Máele Gualae Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínÁilgenán mac Donngaile
Duine muintearthaTnúthgal mac Donngaile (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata

Gael agus Gall cuir in eagar

Tar éis bhás a dhearthár, Áilgenán, sa bhliain 853, bhí idir-ríocht ann agus tháinig Maol Guala i gcoróin sa bhliain in 856.[2]

Tháinig na Dúghaill go hÉirinn sa bhliain 849 agus thóg Áth Cliath faoina smacht sa bhliain 851. Chuaigh na Lochlannaigh díláithrithe leo ag déanamh creiche ar fud na tíre. Bhain ríthe Éireannacha leas as an gcoimhlint idir an dá ghrúpa Gall lena gcinn riain féin. A number of men in Munster joined up with these Norse and were known as Gall Gaedil. Rinne Cearbhall mac Dúnlainge (bás 888), rí Osraí, comhaontas leis na Dighail i gcoinne na Lochlannaigh agus d'éirigh ina rí is cumhachtaí i ndeisceart na hÉireann san aimsir úd.

Le linn na hidir-ríochta, chuaigh Ardrí na hÉireann, Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí (bás 862) de Chjlann Cholmáin, ar feachtas sa Mhumhan isteach sa bhliain 854 chomh fada is teorannacha na nDéise agus ghabh gialla.[3] Insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann gur chuir an Ardrí a dheartháir chéile, Cearbhall, chuig an Mumhain fosta chun gialla a éileamh.[4] De réir Annála na gCeithre Máistrí, ba iad na Lochlannaigh a chuir freasúra in aghaidh an Ardrí ar bun sa Mhumhain.[5] Tháinig an tArdrí ar ais go Caiseal sa bhliain 856 agus ghabh sé tuilleadh giall, is dócha ag am thrácht i réim Mhaoil Guala.[6]

Timpeall na bliana 855, d'iarr fir na Mumhan ar Chearbhall Osraí cuidiú leo in i gcoinne na Lochlannaigh. Tháinig Cearbhall le slua na nDúghall, faoi cheannas pearsa darbh ainm Horm, agus thimpeallaigh agus mharaigh siad iad.[7] Sa bhliain 856, mharaigh buíon na Lochlannach Gormán Lonáin, ridhamhna, ag Loch Ceann.[8] Sa bhliain 857, bhuaigh Cearbhall agus a chomhghuaillithe Dúghailleacha, Amhlaoibh Conung agus Íomhar, in éadan na Lochlannach na nGall Gael faoi Kettil "Fionn" i nAradh Tíre i dtuaisceart Thiobraid Árann.[9]

An tArdrí cuir in eagar

Sa bhliain 858, chuaigh Máel Sechnaill le slua mór Éireannach sa Mhumhain isteach, chun gialla a éileamh. An uair seo, bhí Cearbhall i gcomhaontas le Maol Guala, ag fanacht i gcampa a Bealach Gabhrán i ndeisceart Osraí (An Droichead Nua ar bhruach na Bearú, b'fhéidir). Roinn Maol Seachnaill a n-airm, ámh, agus chloígh sé go millteanach iad ag Cath Charn Lugdoch (gar do Phort Láirge). Maraíodh rí na nDéise, Maol Crón mac Muireadaigh. D'fhan an tArdrí i nImleach le feadh míosa, ag déanamh creacha sa Mhumhain chomh fada leis an muir sa Deasmhumhain, agus ghabh sé gialla as gach tuath na Mumhan.

Tar éis cliste na Mumhan, ghéill Cearbhall don Ardrí freisin, agus thug gialla dó.[10] An bhliain dár gcionn ámh, thug Cearbhall agus a chomhghuaillithe Dúghailleacha a ndúshlán Maol Seachnaill agus chuaigh i gceannas slua i Ríocht na Mí Issachar.[11] Tharla tionól ríoga mar thoradh seo ag Ráith Aeda Meic Bric (Ráth Aodha, Contae na hIarmhí, an lae inniu). Scaradh ríocht na nOsraí ó ríocht na Mumhan, agus cuireadh í faoi smacht díreach an Ardrí. Ghlac Maol Guala leis an aistriú údaráis seo.[12]

Bás cuir in eagar

An bhliain chéanna (859), ghabh na Lochlannaigh Maol Guala, agus d'imrígh siad a bhás air le clocha.[13]

Rinneadh níos deireanaí rí na Mumhan dá mhac Dubh Lachtna (bás 895).

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Table 12
  2. Annála Inis Faithlinn, AI 856.1
  3. Annála Uladh, AU 854.2
  4. Annála Easpacha na hÉireann, FA 246
  5. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 852.3
  6. AU 856.2
  7. FA 254
  8. Chronicum Scotorum, CS 856
  9. AU 857.1, FA 263
  10. AU 858.4, FA 260
  11. AU 859.
  12. AU 859.3
  13. AU 859.4, M 857.8