Ceredig ap Cunedda
De réir traidisiúin, ba é Ceredig ap Cunedda duine de naonúr mac le Cunedda, seanathair Dewi Sant (Gaeilge: Naomh Dáibhí) a tháinig de réir an tseanchais go Tuaisceart na Breataine Bige ón Sean-Tuaisceart, agus a bhunaigh Teyrnas Ceredigion (Gaeilge: Tíarnas Ceredigion)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 424 Gododdin |
Bás | 453 (Féilire Ghréagóra) 28/29 bliana d'aois |
Teaghlach | |
Céile | Meleri |
Páiste | Iusay ap Ceredig, Carannog, Sant ap Ceredig, Ithel ap Ceredig |
Athair | Cunedda |
Siblín | Einion Yrth ap Cunedda |
Stair agus traidisiún
cuir in eagarCreidtear gur imigh a athair Cunedda ar imirce lena lucht leanúna ón Sean-Tuaisceart go Tuaisceart na Breataine Bige timpeall na bliana 440 AD. Cosúil leis an gcuid eile dá theaghlach, tháinig Ceredig ó cheantar Manaw Gododdin. Bhunaigh Cunedda Teyrnas Gwynedd an talamh a thug sé dá mhic tar éis do na hÉireannaigh a dhíbirt as. Mar luach saothair as a ghaisce, thug a athair an chuid is faide ó dheas de na críocha in iarthuaisceart na Breataine Bige dó. Ceaptar go traidisiúnta gur Ceredigion a tugadh ar an bhfearann ina dhiaidh, ach cheistigh staraithe le déanaí bailíocht an traidisiúin sin toisc go raibh luathstair na Breataine Bige lán de mhiotais chosúla a dréachtaíodh chun logainmneacha a mhíniú.
Bhí iníon ag Ceredig darb ainm Ina a gceaptar gurb í an Naomh Ina a bhfuil Eaglais Naomh Ina i Llanina in aice le Ceinewydd, Ceredigion, tiomnaithe.
Déanta na fírinne, bhí ochtar deartháireacha ag Ceredig, eadhon:
- Einion Yrth, bunaitheoir Caereinion i bPowys
- Rhufon, bunaitheoir Rhufoniog
- Dunod, suiteálaí Dunoding
- Aflog, bunaitheoir Cafflogion i Llŷn
- Dogmael, bunaitheoir Dogfeiling
- Edern, bunaitheoir Edeirnion
- Typiaf / Tybion, athair Meirion, bunaitheoir Meirionnydd .