Charles Villiers Stanford

Cumadóir Éireannach ab ea Sir Charles Villiers Stanford (30 Meán Fómhair 1852 – 29 Márta 1924), a chaith an chuid is mó dá shaol i Sasana. Tá cáil nach beag air as an gceol córúil a chum sé, agus as an gcóiriú a rinne sé ar an gceol Gaelach. Bhí sé ina ollamh le ceol ag Ollscoil Chambridge ó 1887 go dtí 1924.

Infotaula de personaSir
Charles Villiers Stanford

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Meán Fómhair 1852
Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Bás29 Márta 1924
71 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAbtheach Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir ceolfhoirne Leeds Festival (en) Aistrigh
1901 – 1910
Cumadóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteKarel Drofnatski Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge
Queens' College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDoctor of Music (en) Aistrigh
Baitsiléir Ealaíon
Máistir Ealaíon
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir claisiceach, múinteoir ceoil, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cambridge
an Ceol-Choláiste Ríoga Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeoldráma agus siansa
Mac/iníon léinn de chuidArthur O'Leary, Ernst Pauer agus Robert Prescott Stewart
Mac/iníon léinnCharles Wood, Gustav Theodore Holst, Ernest John Moeran (en) Aistrigh agus John Ireland
TeangachaBéarla
UirlisOrgán
Eile
Teideal uasalRidire Baitsiléra Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn James Stanford  agus Mary Henn
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1994755 Spotify: 1g5nZfwrmjGs2wLKi3XHk2 Musicbrainz: ce0b4047-834e-4554-9bb6-e334f26fb30c Lieder.net: 5824 Discogs: 877515 IMSLP: Category:Stanford,_Charles_Villiers Find a Grave: 20926 Cuir in eagar ar Wikidata
Charles Villiers Stanford

Beatha cuir in eagar

 
Charles Villiers Stanford - caracatúr le Leslie Ward

Saolaíodh Stanford i mBaile Átha Cliath, mac le John Stanford, scrúdaitheoir i gCúirt na Seansaireachta (Baile Átha Cliath) agus cléireach na Corónach, Contae na Mí. Ceoltóirí cumasacha a bhí ina athair agus a mháthair; dordamhránaí a bhí ina athair agus dordveidhleadóir; agus pianódóir a bhí ina mháthair. Fuair Charles oiliúint ó R. M. Levey (veidhlín), Miss Meeke, Mrs Joseph Robinson, Miss Flynn agus Michael Quarry (piano); agus mhúin an cumadóir Sir Robert Stewart (cumadóireacht agus an orgáin dó. Tugadh aitheantas dá chumas in The Musical Times, Nollaig 1898.

Tháinig sé go Londain mar mhac léinn le hArthur O'Leary agus Ernst Pauer in 1862, agus in 1870 chuaigh sé go Queens' College, Cambridge, Ollscoil Chambridge ar scoláireacht In 1873 d'athraigh sé go Coláiste na Tríonóide, Cambridge (agus is dó a scríobh sé Three Latin Motets), le teacht i gcomharbacht ar J. L. Hopkins mar orgánaí an choláiste, post a bhí aige go dtí 1892. Thug a phost mar chumadóir don Cambridge University Musical Society deiseanna iontacha dó, agus de bharr fuinnimh is cumais Stanford a leath cáil an Chumainn.

Ó 1874 to 1877 fuair sé cead tréimhse staidéir a chaitheamh gach bliain sa Ghearmáin, áit a raibh séag staidéar faoi Carl Reinecke agus Friedrich Kiel. Bhain sé an bhunchéim amach in 1874 agus an mháistreachtin 1878, agus bronnadh céim oinigh air, Dochtúireacht sa Cheol in Ollscoil Oxford in 1883 agus in Ollscoil Chambridge in 1888.

Fuair sé aitheantas mar chumadóir ar dtús lena cheol teagmhasach d'Alfred Lord Tennyson, Queen Mary (Lyceum, 1876); agus in 1881 léiríodh a chéad cheoldráma, The Veiled Prophet i Hanover (athléirithe in Covent Garden, 1893); agus ina dhiaidh sin Savonarola (Hamburg, in Aibreán, agus Covent Garden, Iúl 1884), agus The Canterbury Pilgrims (Drury Lane, 1884). Chum sé ceoldrámaí eile ina dhiaidh sin, Shamus O'Brien (Opera Comique, 1896), Much Ado About Nothing (Covent Garden, 1901) (libretto - Julian Sturgis), The Critic (Shaftesbury Theatre, Londain, 1916), agus The Travelling Companion (David Lewis Theatre, Learpholl, 1925).

Ainmníodh mar ollamh le cumadóireacht é sa Royal College of Music in 1883; bhí sé ina stiúrthóir ar an Bach Choir ó 1886 go dtí 1902; ina ollamh le ceol in Ollscoil Chambridge, ag teacht i gcomharbacht ar Sir George Alexander Macfarren ó 1887; ina chumadóir ar an Leeds Philharmonic Society ó 1897 go dtí 1909, agus ar an Leeds Festival ó 1901 go dtí 1910. Bhí meas air mar mhúinteoir dian, agus ar a chuid mac léinn bhí Samuel Coleridge-Taylor, Gustav Holst, Ralph Vaughan Williams, John Ireland (cumadóir), Frank Bridge, Charles Wood (cumadóir) (a tháinig i gcomharbacht air mar ollamh le ceol, Geoffrey Shaw agus Herbert Howells. Bhí cáil an cháil air, agus ba mhinic é in earráid lena chomhaimsearthaigh, leithéidí Edward Elgar agus Hubert Parry. Rinne ridire de in 1902.

Ceol cuir in eagar

Bhí cáil ar Stanford mar gheall ar a shaothar córúil, a bhfurmhór coimisiúnaithe le casadh ag na féilte móra cúigeacha i Sasana. Orthu sin tá dhá oratorio, éagnairc (1897), Stabat Mater (1907), agus go leor saothair thuat — teama mara le go leor de, The Revenge (1886), The Voyage of Maeldune (1889), Songs of the Sea (1904), agus Songs of the Fleet (1910). Tá tábhacht fós lena shaothar eaglasta don eaglais Anglacánach. Orthu sin tá Seirbhís Tráthnóna in B maol, A, G, agus C, trí mhóitéit Laidine (Beati quorum via, Justorum animae, agus Coelos ascendit hodie), agus a aintiúin For lo, I raise up.

Ar a shaothar uirlise tá seacht siansa, sé rapsóid Ghaelacha do cheolfhoireann, saothair éagsúla don orgán, coinseartónna do veidhlín, dordveidhlín, clairnead agus pianó, agus roinnt mhaith cumadóireachta do cheol aireaglaine, ocht cheatharthead ina measc. Chum sé amhráin freisin, ceol madragaile, agus ceol teagmhasach do "Eumenides agus Oedipus Rex (a casadh i gCambridge), chomh maith le "Beckett" Tennyson'. Tá tionchar Bhrahms, Schumann, agus an cheoil Ghaelaigh le haithint ar a shaothar. Cé gur mar mhúinteoir do ghlúin nua cumadóirí Sasanacha is mó a cuimhnítear air, tá athbhreithniú á dhéanamh ar a chuid ceoil le blianta beaga anuas. D'fhoilsigh sé cúpla leabhar, dírbheathaisnéis ina measc Pages from an Unwritten Diary (1914).

Chum Stanford píosa éadroma freisin faoin ainm cleite Karel Drofnatski.


Saothar cuir in eagar

Ceoldrámaí cuir in eagar

  • Lorenza, Op. 55 (unpub.)
  • The Veiled Prophet of Khorassan (1881)
  • Savonarola (1884)
  • The Canterbury Pilgrims (1884)
  • Shamus O'Brien, Op. 61 (1896)
  • Christopher Patch, the Barber of Bath, Op. 69
  • Much Ado About Nothing, Op. 76a (1901)
  • The Critic, or An Opera Rehearsed, Op. 144 (1916)
  • The Travelling Companion, Op. 146 (produced 1925, posth.)
  • The Marriage of Hero (unpub.)
  • The Miner of Falun (Act I; unpub.)

Saothar do cheolfhoirne cuir in eagar

Siansaí cuir in eagar

  • Uimh. 1 in B maol mór (1876)
  • Uimh. 2 in D beag, "Elegiac" (1882)
  • Uimh. 3 in F beag, "Irish", Op. 28 (1887)
  • Uimh. 4 in F beag, Op. 31 (1888)
  • Uimh. 5 in D mór, "L'Allegro ed il Pensieroso", Op. 56 (1894)
  • Uimh. 6 in E leathan mór, "In Memoriam G. F. Watts", Op. 94 (1905)
  • Uimh. 7 in D beag, Op. 124 (1911)

Coinseirteónna cuir in eagar

  • Coinseirteó do Phiano (early- no. "0") (1874)
  • Coinseirteó do Veidhlín (early, 1875)
  • Coinseirteó do Dhordveidhlín in D beag (luath-1880)
  • Sraith do veidhlín agus cheolfhgoireann, Op. 32
  • Coinseirteó do Phiano Uimh. 1 in G beag, Op. 59
  • Breachnuithe ceolchoirme ar théama Sasanach "Down Among the Dead Men" do phiano agus cheolfhoireann in C beag, Op. 71
  • Violin Concerto in D mór, Op. 74
  • Coinseirteó do Chlairinéad in A beag, Op. 80
  • Coinseirteó do Phiano Uimh. 2 in C beag, Op. 126 (1911)
  • Coinseirteó do Phiano Uimh. 3 in E maol mór, Op. 171 (1919; unfinished, orchestrated by Geoffrey Bush)
  • Ceol coirme d'orgán agus cheolfhoireann, Op. 181

Rapsóidí Gaelacha cuir in eagar

  • Rapsóid Gaelach do cheolfhoireann Uimh. 1 in D beag, Op. 78
  • Rapsóid Gaelach do cheolfhoireann Uimh. 2 in F beag, Op. 84 ("The Lament for the Son of Ossian")
  • Rapsóid Gaelach do cheolfhoireann Uimh. 3, Op. 137
  • Rapsóid Gaelach do cheolfhoireann Uimh. 4 in A beag, Op. 141 ("Fisherman of Loch Neagh")
  • Rapsoóid Gaelach do cheolfhoireann Uimh. 5 in G beag, Op. 147
  • Rapsóid Gaelach Uimh. 6 do veidhlín agus cheolfhoireann, Op. 191

Saothar Eile Ceolfhoirne cuir in eagar

Saothar Córúil cuir in eagar

Aintiúin agus Móitéiteanna cuir in eagar

  • And I saw another Angel (Op. 37, Uimh. 1)
  • For lo, I raise up (Op. 145)
  • If thou shalt confess (Op. 37, Uimh. 2)
  • The Lord is my Shepherd (cumtha 1886)
  • Three Latin Motets (Op. 38, 1905)
    • Justorum animae
    • Coelos ascendit hodie
    • Beati quorum via

Aifrinn cuir in eagar

  • Aifrinn mhaidine, tráthnóna agus Comaoine:
    • B maol mór (Op. 10)
    • A mór (Op. 12)
    • F mór (Op. 36)
    • G mór (Op. 81)
    • C mór (Op. 115)
    • D mór do Chór Aoncheoil (1923)
  • Magnificat agus Nunc dimittis cóirithe:
    • E maol mór (1873; foils. 1996)
    • F mór Aifreann do Queens' College, Cambridge (1872; eag., Ralph Woodwar; foils. 1995)
    • ar an 2ú agus 3ú mód (1907)
    • A mór
    • B maol mór
    • C mór
    • G mór

Eile cuir in eagar

  • The Blue Bird, curtha le focail le Mary Coleridge
  • Magnificat in B maol mór do chór dúbailte gan tionlacan, Op. 164 (Meán Fómhair 1918)
  • Pater Noster (1874)

Saothair do Chór agus Cheolfhoireann cuir in eagar

  • The Revenge, bailéad ar an gcabhlach, Op. 24 (1886) focail le hAlfred Lord Tennyson
  • Requiem, Op. 63 (1896)
  • Te Deum, Op. 66 (1898; cumtha don Leeds Festival)
  • Songs of the Fleet do bharatón aonair agus cheolfhoireann (Op. 117)

Ceol Aireagail cuir in eagar

  • ceatharthéada
    • Uimh. 1 in G mór, Op. 44 (1891)
    • Uimh. 2 in A beag, Op. 45 (1891)
    • Uimh. 3 in D beag, Op. 64 (1897)
    • Uimh. 4 in G beag, Op. 99 (1907)
    • Uimh. 5 in B maol mór, Op. 104 (1908)
    • Uimh. 6 in A beag, Op. 122 (1910)
    • Uimh. 7 in C beag, Op. 166 (1919)
    • Uimh. 8 in E beag, Op. 167 (1919)
  • Saothair eile do théadfhoireann
    • Cúigearthéad Uimh. 1 in F mór, Op. 85 do dhá veidhlín, dhá viola & dordveidhlín (1903)
    • Cúigearthéad Uimh. 2 in C beag, Op. 86 (1903)
  • Tréada pianó
    • Uimh. 1 in E maol mór, Op. 35 (1889)
    • No. 2 in G minor, Op. 73 (1899)
    • No. 3 in A "Per aspera ad astra", Op. 158 (1918)
  • saothair do veidhlín agus piano
    • Sonáid Uimh. 1 in D mór, Op. 11 (1880)
    • Sonáid Uimh. 2 in A mór, Op. 70 (1898)
    • Sonáid Uimh. 3, Op. 165 (1919)
    • Legend, (1893)
    • "Irish Fantasies", Op. 54 (1894)
    • Cúig Phíosa Sainiúla, Op. 93 (1905)
    • Sé Sceitse Gaelacha, Op. 154 (1917)
    • Sé Phíosa Éasca, Op. 155 (1917)
    • Cúig Bhagatelle, Op. 183 (1921)
  • Saothair eile d'uirlis aonair agus piano
    • Sonáid Uimho. 1 in A mór do violoncello & piano, Op. 9 (1878)
    • Sonáid Uimh. 2 in D beag do violoncello & piano, Op. 39 (1893)
    • Trí Intermezzi do chlairinéad & piano, Op. 13 (1880)
    • Sonáid do chlairinéad (nó viola) & piano, Op. 129 (1912)
  • Saothair eile do théada agus piano
    • Piano Uimh. 1 in F mór, Op. 15 (1879)
    • Piano Uimh. 2, Op. 133 (1912)
    • Piana in D beag, Op. 25 (1887)
  • Serenade in F major for Nonet, Op. 95 (1906)
  • Fantasy Uimh. 1 in G beag do chlairinéad & ceathairthéad, (1921)
  • Fantasy Uimh. 2 in F mór do chlairinéad & ceathairthéad(1922)
  • Phantasy do bhubhall & ceathairthéad in A beag, (1922)

Ceol Piano cuir in eagar

  • Réamhdhréacht, Op. 163
  • Bailéad, Op. 170

Ceol Orgáin cuir in eagar

  • Réamhdhréacht córúil (8)
  • Réamhdhréachta córúla, Op. 182
  • Fantasia agus Toccata, Op. 57 (1894, revised 1917)
  • Fantasie on Intercessor, Op. 187
  • Ceithre Intermezzi
  • Idyl agus Fantasia, Op. 121
  • Intermezzo ar an Londonderry Air, Op. 189
  • Prelude agus Fugue in E beag
  • Quasi una Fantasia (1921)
  • Sé Réamhdhréacht Ócáidiúla, 2 leabhar
  • Sé Réamhdhréacht, Op. 88
  • Sé Reamhdhréacht Ghearra agus Iardhréachta, Op. 101
  • Sé Reamhdhréacht Ghearra agus Iardhréachta, Op. 105
  • Sonáid Uimh. 1, Op. 149 (1917)
  • Sonáid Uimh. 2, Op. 151 (1917)
  • Sonáid Uimh. 3, Op. 152 (1918)
  • Sonáid Uimh. 4, Op. 153 (1920)
  • Sonáid Uimh. 5, Op. 159 (1921)
  • Te Deum Laudamus Fantasy
  • Trí Réamhdhréacht agus Fiúga, Op. 93 (1923)
  • Toccata agus Fiúga in D beag (1907)
  • Fantasie agus Fiúga in D beag, Op. 103 (1907)

Leabharliosta cuir in eagar

  • Jeremy Dibble - Charles Villiers Stanford: man and musician (Oxford: Oxford University Press, 2002)
  • Paul J. Rodmell - Charles Villiers Stanford (Aldershot, Hampshire: Scolar Press, 2002)
  • Liam Mac Cóil - An Chláirseach agus an Choróin (Indreabhán: Leabhar Breac, 2010)

Naisc Sheachtracha cuir in eagar