Christopher McCandless
Taiscéalaí agus siúlóir Meiriceánach ba ea Christopher Johnson McCandless, nó Alexander Supertramp mar a thugadh sé air féin (12 Feabhra 1968 – 18 Lúnasa 1992).
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Christopher Johnson McCandless |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 12 Feabhra 1968 El Segundo, California |
Bás | 18 Lúnasa 1993 (<6 Meán Fómhair 1992) 25 bliana d'aois Stampede Trail, Alaska (en) |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Ocras) |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Alexander Supertramp |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Emory Carter G. Woodson High School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taiscéalaí, dialannaí, taistealaí |
Teangacha | Béarla |
Tar éis dó céim a bhaint amach sa bhliain 1990, d'fhág McCandless a mhuintir agus a bhaile dúchais i Virginia agus chuaigh sé ar seachrán ar fud na tíre, go dtí gur shroich sé Alasca.
Ar a thuras deireanach níor thug sé leis ach beagán bia agus trealaimh. Fuair sé bás cúig mhí ina dhiaidh sin in aice le Páirc Náisiúnta Denali, i seanbhus a bhí mar áit chónaithe aige.
Bhí an ghairm chun an fhiántais róláidir dó. Thug sé bás le hocras dó féin, b’fhéidir.
Tionchar
cuir in eagarTéann scéal McCandless i bhfeidhm go cumhachtach fós ar shamhlaíocht phobal an lae inniu.
Sa bhliain 1996, scríobh Jon Krakauer Into the Wild, leabhar a bhí bunaithe ar shaol McCandless.
Uaidh sin a d'eascair scannán a raibh an teideal céanna air sa bhliain 2007. Sean Penn a stiúir é agus ghlac Emile Hirsh an phríomhpháirt.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |