Ciarraí Óig Bheathra
Dream ársa i gConnacht na meánaoise ba ea Ciarraí Óig Bheathra (Sean-Ghaeilge Ciarraige Óic Bethra).
Stair
cuir in eagarCiar mac Fearghasa mhic Róigh ba ea sinsear na gclann darbh ainm 'Ciar-raí'.
Bhí Ciarraí Óig Bheathra lonnaithe i ríocht Aidhne, in oirdheisceart Contae na Gaillimhe. De réir leagain eile, níor Chiarraí iad agus gur tháinig siad as Críoch Ealla ó dhúchas - is dócha Dúiche Ealla i dtuaisceart Chorcaí. Deirtear fosta go raibh dhá dhream eile, Tradraí agus Caonraí, lonnaithe in aice leo roimh theacht chun cinn Uí Fhiachrach Aidhne.[1]
Dar le hÓ Muraíle, is fearr b'fhéidir a rá Ciarraige Óc mBethra.[2][3][4]
Bhí Ciarraí eile i gcúige Chonnacht, mar a bhí Ciarraí Aoi, Ciarraí Locha na nAirní agus Ciarraí Airtigh, a bhí tuath aontaithe acu i lár an chúige roimh theacht chun cinn Uí Bhriúin sna 8ú agus 9ú haoiseanna.
Féach freisin
cuir in eagar- Ciarraige Luachra: suite i dtuaisceart Contae Chiarraí agus Sliabh Luachra, an dá áit ainmnithe astu.
- Ciarraige Cuirche: suite taobh ó dheas do chathair Corcaí.
Foinsí
cuir in eagar- Irish Kings and High Kings, lch. 160, 236, 247, Francis John Byrne, 3ú heagrán, Baile Átha Cliath, 2001
- Ciarraige, lch. 166, Some Early Connacht Population Groups, Nollaig Ó Muraíle, in Seachas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne, eag. Alfred P. Smyth, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, ll. 161–177, 2000. ISBN 1-85182-489-8.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Ó Muraíle
- ↑ Ó Muraíle
- ↑ Ó Raghaillaigh, Genealogical Tracts (lch. 137)
- ↑ John O'Donovan, Hy-Fiachrach.