Seánra de chuid an fhicsin eolaíochta is ea cibearphuncpunc cibirnitice (Béarla: cyberpunk). Fuair an seánra a ainm ón bpunc-rac (an cineál rac-cheoil a bhí á sheinm ag Sex Pistols agus grúpaí ceoil a bhí cosúil leo) agus ón gcibirnitic. Ba é an scríbhneoir Meiriceánach Bruce Bethke a cheap an focal féin, nó chum sé gearrscéal faoin teideal sin Cyberpunk sa bhliain 1984.

Cathar Cyberpunk
Cyberpunk 2077

Scéalta duairce is ea na scéalta a bhaineann leis an gcibearphunc. Go tipiciúil, tugann siad cur síos ar shochaí atá ag titim as a chéile cé go bhfuil ardteicneolaíocht agus ríomhairí ar fud na háite. Bíonn na himeachtaí suite i dtimpeallacht chathartha, agus go tipiciúil, bíonn na gnólachtaí móra tar éis seilbh a ghlacadh ar an tsochaí go léir — is minic nach bhfuil a dhath fágtha den stát. Bíonn na daoine ag tógáil drugaí, agus na ríomhairí chomh fite fuaite leis an saol is nach mbíonn sé furasta an duine a aithint thar an líonra ríomhaireachta.

Is é an t-úrscéal úd Neuromancer le William Gibson ón mbliain 1984 a chuir tús leis an bpunc cibirnitice i ndáiríre. Is féidir a rá, áfach, go raibh tionchar nach beag ag an litríocht dhiostóipeach, cosúil le 1984 le George OrwellBrave New World le hAldous Huxley ar an seánra go léir.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar