Ball den Dál Riada ab ea Aonghas Mór mac Eirc (Sean-Ghaeilge Óengus), deartháir Fhearghasa Mhóir. Deirtear go raibh beirt mhac ag Aonghas, Nadsluaig agus Fergna.

Infotaula de personaAonghas mac Eirc
Ìle (glas) agus Earra Gael. Feictear oileán Colbhasa raibh ó thuaidh d'Ilé.

Cineál Aonghasa cuir in eagar

Dream na luathmeánaoise ab ea Cineál Aonghasa (Cenél nÓengusa), a bhí i gceannas ar Oileán Ìle, agus b'fhéidir Colbhasa in aice láimhe, amach ó chósta thiar na hAlban.

Deirtear i Seanchas Fear Alban, daonáireamh agus ginealach ríocht an Dáil Riada, gur cheann de thrí dhream é Cineál Aonghasa a bhí mar bhall de ríocht Earra Gael, agus na cinn eile ná Cineál Gabhráin as Ceann Tíre agus Cineál Loairn as Lorn. Scar ceathrú dream Cineál Comhghaill, níos deireanaí ó Chineál Gabhráin.

Is beagnach cinnte é gur cumadóireacht é ginealach an Chineáil inste sa Seanchas. Is é Cineál Aonghasa an t-aon dream amháin gan rí stairiúil le fáil dóibh i nAnnála na hÉireann.

 
Íomhá d'Ilé le Landsat, NASA

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar