Tolamaes
Matamaiticeoir, réalteolaí, astralaí, geografaí agus teoiricí ceoil [1] ab ea Tolamaes (Gréigis:Πτολεμαῖος, Ptolemaios; Laidin:Claudius Ptolemaeus) a scríobh tuairim is dosaen tráchtais eolaíochta, trí cinn acu a bhí tábhachtach don eolaíocht Bhiosántach, Ioslamach, agus d'Iarthar na hEorpa. Is é an chéad cheann an tráchtas réalteolaíoch ar a dtugtar an Almagest anois, cé gur tugadh an Mathēmatikē Syntaxis air ar dtús (nó i nGaeilge: an Tráchtas Matamaiticiúil), agus tugadh An Tráchtas Mór air níos déanaí. Is é an dara ceann ná an Tíreolaíocht (Gréigis: Γεωγραφικὴ Ὑφήγησις, Geōgraphikḕ Hyphḗgēsis, nó sa bhrí litriúil; "Treoir Tíreolaíochta"), a bhfuil plé críochnúil ar léarscáileanna agus eolas geografach ar an domhan Gréag-Rómhánach. Is é an tríú ceann ná an tráchtas astralaíoch ina rinne sé iarracht an t-astralaíoch tuismeách a oiriúnú d'fhealsúnacht nádúrtha Arastataileach a linne. Tugtar an Apotelesmatika air seo uaireanta (sa bhrí litriúil: "Ar na hÉifeachtaí"). ach tugtar na Tetrábiblos air go coitianta, ón nGréigis Choiteann, a chiallaíonn "na Ceithre Leabhar", nó Quadripartiteh san Laidin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (grc) Κλαύδιος Πτολεμαῖος c. 100 Ptolemais Hermiou (Impireacht na Róimhe) |
Bás | c. 170 69/70 bliana d'aois Cathair Alastair (Impireacht na Róimhe) |
Áit chónaithe | Cathair Alastair |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Réalteolaíocht, astralaíocht, matamaitic, meicnic, optaic, tíreolaíocht, teoiricí ceoil agus teoiric an cheoil |
Gairm | matamaiticeoir, fealsamh, ceoleolaí, nathaí, teoiricí ceoil, réalteolaí, astralaí, tíreolaí, scríbhneoir |
Tréimhse ama | Impireacht na Róimhe |
Fostóir | Leabharlann Chathair Alastair |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Saothar | |
Saothar suntasach
|
Rinne sé obair freisin ar Optaic, solasairíonna, ina measc, frithchaithimh, athraonadh agus dathanna. Rinne sé hipitéis pláinéadach, Planisphaerium agus Analemma chomh maith.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Richter, Lukas (2001). "Ptolemy". Grove Music Online. Oxford: Oxford University Press. doi:10.1093/gmo/9781561592630.article.22510. ISBN 978-1-56159-263-0. Aisghafa 25 September 2021. (sintiús nó ballraíocht leabharlann poiblí na RA de dhíth)