Is dlíodóir Sasanach é Clive Stafford Smith, a rugadh ar an 9 Iúil 1960, agus feachtasóir ar son chearta an duine.[1] Bhunaigh sé an brúghrúpa "Reprieve" in aghaidh phionós an bháis.[2]

Infotaula de personaClive Stafford Smith

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Iúil 1959
64 bliana d'aois
Cambridge, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Radley
Scoil Dlí Columbia
Ollscoil Carolina Thuaidh, Chapel Hill
Old Buckenham Hall School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

 
2010

D'fhás Stafford Smith suas agus chuaigh sé ar scoil i Sasana. Tar éis dó freastal ar Ollscoil Carolina Thuaidh i Chapel Hill mar Scoláire Morehead, lean sé ar aghaidh chuig Scoil Dlí Columbia chun dul leis an dlíodóireacht.[3]

 
Chuidigh Stafford Smith chun Abdul Shaker a shaoradh

Bhí Stafford Smith ag dlíodóireacht in áiteanna éagsúla i ndeisceart SAM ar feadh níos mó ná fiche bliain, ag díriú ar achomhairc maidir le pionós an bháis. Tugadh an-aird dó sna meáin mar dhuine a bhí ar thús cadhnaíochta sa réimse sin agus mar gheall ar an ionadaíocht dhíograiseach dhiongbháilte a thug sé dá chuid cliant.

Sa bhliain 1999 bhunaigh Stafford Smith Reprieve, carthanacht a chuireann tacaíocht dlí agus fiosrúcháin saor in aisce, ar fud an domhain, do dhaoine atá i mbaol a mbásuithe nó atá buailte ag polasaithe frithsceimhlitheoireachta mar an ngéilleadh urghnách, an chéastóireacht, an phríosúnacht sheachbhreithiúnach agus an bású seachbhreithiúnach.[3]

I 2004, d'aistrigh Stafford Smith go Londain chun bheith ag obair go lánaimseartha leis an eagraíocht Reprieve. As sin amach, tá iomrá ar leith sna meáin air, de bharr na hoibre atá á déanamh aige ar son daoine atá faoi ghlas sa Bahía de Guantánamo agus mar gheall ar a chuid iarrachtaí comhpháirteachas rialtais na hEorpa, rialtas na hÉireann san áireamh, i gcleachtas an ghéillte urghnách a thabhairt chun solais.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Clive Stafford Smith. "https://twitter.com/clivessmith" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2020-07-09.
  2. "About" (en). Reprieve. Dáta rochtana: 2020-07-09.
  3. 3.0 3.1 3.2 UCD School of Law (2020-07-09). "Clive Stafford Smith" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-09.