Cloch na Rón

áit lonnaithe

Baile i gContae na Gaillimhe is ea Cloch na Rón[1] (Roundstone as Béarla). Is áit álainn í Cloch na Rón, atá suite ar bhruach na farraige. Ciallaíonn sé sin "cloch na rónta" ach tá daoine ann a chreideann gur eascair an t-ainm ón gcarraig mhór chruinn atá taobh amuigh den chuan. Bhíodh go leor iascaireacht ar siúl ann go dtí cúpla bliain anuas ach is ar an turasóireacht is mó anois atá na daoine ag brath. Tá roinnt tithe ósta an-mhaithe ann agus tá bia mara ar fáil sna bialanna. Tá clú agus cáil ar an seabhdar i dTí Dowd (go háirithe i measc na dífóranna.) Is fiú dul suas an cnoc taobh thiar den bhaile le breathnú ar na radhairc. Ar lá breá, is féidir sléibhte Chiarraí a fheiceáil, chomh maith le cósta Chontae an Cláir. Sa samhradh is féidir húicéirí a fheiceáil ag rásaíocht ag Regatta Chloch na Rón. Bíonn sé ar siúl ar an tríú deireadh seachtaine de Mhí Iúil.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCloch na Rón

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 24′ 00″ N, 9° 55′ 00″ O / 53.4°N,9.91667°W / 53.4; -9.91667
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde20 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413951

Bunaíodh an baile beag seo sa bhliain 1822 nuair a cuireadh tús le tógáil na céibhe, faoi choimirce an Bhoird Iascaigh Mhara. Ba é Alexander Nimmo a dhearadh an chéibh, an innealtóir a dhearadh an t-iarnród idir an Chlochán agus Gaillimh. Cheannaigh Nimmo píosaí talún timpeall na háite agus chuir sé amach ar chíos iad do thionóntaí. Faoin mbliain 1841 bhí 396 duine ina gcónaí ann.

Gailearaí

cuir in eagar