Coiliceam
Crapadh iomarcach is freangadh na matán mín (ainneonach), a tharlaíonn i dtonnta go minic agus a chuireann tús le taomanna péine géire a bhíonn gearr ach tréimhsiúil. Cuireann sé isteach go príomha ar mhatáin mhíne na putóige (coiliceam stéigeach), chomhchonair an domlais (coiliceam domlasach), an pheilbhis dhuánaigh is na n-úiréadar (coiliceam duánach). Tá calcalais sna conairí coiteann mar chúis le coiliceam. Uaireanta faigheann naíonáin coileacam stéigeach mar thoradh ar shlogadh aeir siar le linn ite nó deacracht éigin eile.[1]
Cineál | pian sa bholg agus pian |
---|---|
Speisialtacht leighis | úireolaíocht agus gaistreintreolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais | |
Aicmiú | |
ICD-10 | R10.4 |
CIAP | D01 |
Acmhainní seachtracha | |
MeSH | D003085 |
UMLS CUI | C0232488 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Coiliceam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 156.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |